Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Oifig na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge 2024


Bí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar gach a mbaineann lenár dteanga dhúchais. Tá clár lán imeachtaí curtha le chéile ag Oifig na Gaeilge agus Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Mhaigh Eo idir cheardlanna, chainteanna agus ghníomhaíochta ealaíne. Is féidir ár mbróisiúr imeachtaí a íoslódáil anseo nó caith súil orthu thíos. Tá imeachtaí ann d'óg agus aosta agus iad uilig saor in aisce - beidh fáilte roimh chách.

Clár Imeachtaí

Dé Sathairn 2ú Márta

Pop Up Gaeltacht

Buail isteach le haghaidh cupán tae, caint agus comhluadar

12:30-15:00

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh

 

Pop Up Gaeltacht na nÓg

Spraoi as Gaeilge do pháistí.

Am 12:30-15:00

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh

Dé Máirt 5ú Márta

Tae agus Plé

Bí ann don chaint, chomhluadar agus cupán tae!

 13:30-14:30

Leabharlann Bhéal an Átha

 

Scéalaíocht do Pháistí

3pm

Leabharlann Chathair na Mart

 

Tóraíocht Taisce don Teaghlach

3.30pm

Leabharlann Chathair na Mart

Dé Céadaoin 6ú Márta

Ciorcal Comhrá le tae, caife, ceardaíocht agus craic an lae!

2pm-3pm

Leabharlann Chathair na Mart

 

Club Cúpla Focal

6-7pm

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh

Déardaoin 7ú Márta

Teanga Bheo – Tráth na gCeist

Tráth na gCeist do pháistí (rang a cúig agus rang a sé)

15.30-16.30

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh

Tuilleadh eolais ó lfoy@mayococo.ie

Dé hAoine 8ú Márta

Maidin na Lapadán Linbh

10:00-12:00

Leabharlann Chathair na Mart

Dé Sathairn 9ú Márta

Siar bóithrín na smaointe: maidin bhéaloideasa le Dúchas.ie

Tabharfaidh duine d’fhoireann Dúchas.ie léargas ar an suíomh gréasáin agus ar an gcaoi le hábhar béaloideasa a aimsiú ann. Caithfidh muid súil ansin ar chuid den ábhar ar an suíomh as ceantar Chill Chomáin agus Thuaisceart Iorrais, idir scéalta, thaifeadtaí fuaime agus ghrianghraif áitiúla. Cupán tae agus comhrá ina dhiaidh.

Am: 11am-12.30pm

Ionad: Seanscoil Cheathrú Thaidhg F26 Y8P7

Ócáid de chuid Comhairle Contae Mhaigh Eo, Dúchas.ie agus Chomhar Dhún Chaocháin

 

Potaí óir i bhfolach: Spléachadh ar bhéaloideas Mhaigh Eo le Dúchas.ie

Beidh duine d’fhoireann Dúchas.ie ar cuairt againn chun léargas a thabhairt dúinn ar an suíomh agus ar an gcaoi le hábhar béaloideas a aimsiú ann. Caithfidh muid súil chomh maith ar chuid den ábhar fíorluachmhar atá ar an suíomh as Contae Mhaigh Eo, idir thaifeadtaí, ghrianghraif agus scéalta. Cupán tae agus comhrá ina dhiaidh.

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh

16.00-17.30

Ócáid de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Dúchas.ie

Dé Máirt 12ú Márta

Dúshláin agus Féidearthachtaí: Léargas réigiúnach agus náisiúnta ar fhorbairt na sochaí

Caint ar líne leis an Ollamh Seán Ó Riain, Ollscoil Mhá Nuad.

Tabharfaidh an tOllamh le Socheolaíocht, Seán Ó Riain, spléachadh sa chaint seo ar an bhfás atá tagtha ar gheilleagar na hÉireann le blianta beaga anuas. Déanfar plé ar na himpleachhtaí atá ag an bhfás sin i Maigh Eo agus ar fud na tíre, agus na féidearthachtaí atá ann saol phobail na tíre a fheabhsú chun dea-thréithe na sochaí a chaomhnú.

13.00-13.45

Caint bheo ar líne ar Microsoft Teams. Cláraigh anseo don nasc.

Ócáid de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhpháirt le Roinn na Socheolaíochta, Ollscoil Mhá Nuad

Dé Máirt 12ú Márta

Oíche Amhránaíochta, Ceoil agus Filíochta le Comhaltas Chathair na Mart agus Leabharlann Chathair na Mart

6.30pm

Leabharlann Chathair na Mart

Dé Céadaoin 13ú Márta

Club Cúpla Focal

6-7pm

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh

 

Ciorcal Comhrá le tae, caife, ceardaíocht agus craic an lae

Buail le cairde nua, faigh cupán tae agus bí cruthaíoch! Le ceardaíocht láimhe le Miriam.

2pm-3pm

Leabharlann Chathair na Mart

Déardaoin 14ú Márta

Ruaille Buaille – Tarraing Cartún le Aidan Courtney

Oiriúnach do pháistí ó 8-12 bliana d'aois. Is gá spás a chur in áirithe – cuir ríomhphost chuig lfoy@mayococo.ie

15.30-17.00

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh

Dé hAoine an 15ú Márta

Spraoi do Leanaí

10.00-12.00

Leabharlann Chathair na Mart

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha