Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Gairmeacha

Gairmeacha

Cuireann Comhairle Contae Mhaigh Eo réimse leathan seirbhísí ar fáil don phobal áitiúil leithéidí chothabháil bóithre, pleanáil agus forbairt, seirbhísí leabharlainne, áiseanna fóillíochta agus áineasa, tithíocht, áiseanna cathartha, oifigí mótarchánach, oifigí ceantair, tacaíocht agus infheistíocht pobail, seirbhísí ealaíon agus oidhreachta, agus seirbhísí comhshaoil. Oibríonn Comhairle Contae Mhaigh Eo faoi chomhaontú seirbhísí le hUisce Éireann le seirbhísí uisce a chothabháil agus a fheabhsú.

Freastalaíonn Seirbhís Dóiteáin Chontae Mhaigh Eo ar cheann de na ceantair údaráis dóiteáin is mó sa tír, agus is i Maigh Eo atá Ionad Cumarsáide Réigiúin an Iarthair CAMP a chuireann seirbhís ríthábhachtach freagartha glaonna ar fáil 24 uair an chloig / 365 lá don phobal le dul i dteagmháil le seirbhísí dóiteáin nuair a bhíonn éigeandáil ann.

an Roinn Acmhainní Daonna freagrach as earcú foirne le folúntais ríthábhachtach sna réimsí seirbhísí seo a líonadh.

Is fostóir comhdheiseanna í Comhairle Contae Mhaigh Eo.


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha