Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Oifig Bhóithre Náisiúnta Mhaigh Eo

Fáilte chuig Oifig Bóithre Náisiúnta Mhaigh Eo. Bunaíodh muid in 1999 agus tá muid freagrach as bainistiú tionscadail na Scéime Bóithre Náisiúnta thar ceann Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ). Cuireann BIÉ maoiniú ar fáil dár n-oifig. Is é an fhreagracht phríomha atá orainn ná mar oifig deartha le haghaidh feidhmiú mórthionscadal nua bóthar, ó chéim an choincheapa go céimeanna na pleanála agus an deartha, agus ar aghaidh chuig tógáil an bhóthair ar deireadh. Glacann muid páirt chomh maith sa chinnteoireacht maidir le hIarratais Phleanála le haghaidh forbraíochtaí a bhfuil tionchar acu ar bhóithre náisiúnta. Léarscáil Idirghníomhach Thionscadail Bóthair Mhaigh Eo Léirítear ar an léarscáil thíos ár gcuid tionscadal bóthair reatha uile. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar leathanach na Scéime Tionscadail Aonair. Is ar mhaithe leis an láthair ghinearálta a thaispeáint a léirítear na conairí bealaigh agus na limistéir staidéir ar an léarscáil seo. Láithreacha garbha atá iontu agus ní léiriú iad ar an dearadh iarbhír.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha