Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Gradaim an Chathaoirligh

Gradaim an Chathaoirligh 2023


Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo a fhógairt go bhfuiltear ag glacadh anois le hiontrálacha don tríú bliain de Ghradaim an Chathaoirligh.

Déanann Gradaim an Chathaoirligh onóir a léiriú agus ceiliúradh ar na daoine agus na grúpaí a oibríonn leo féin sa chúlra lenár bpobail a dhéanamh níos láidre, níos beoga agus níos láiche, agus is minic go spreagann sin daoine eile páirt ghníomhach a ghlacadh ina bpobail.  

Tá Gradaim an Chathaoirligh imithe ó neart go neart ó cuireadh tús leo. Cuireadh breis agus 100 duine agus grúpa ar an ngearrliosta do na gradaim anuraidh agus d’fhreastail breis agus 350 duine ar an searmanas ceiliúrtha gradam, áit ar fógraíodh na buaiteoirí.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, an Comhairleoir Michael Loftus, an méid seo a leanas agus na Gradaim á seoladh:  “Bhí Gradaim an Chathaoirligh i gcónaí ar intinn agam ó bhí an phribhléid orm gur toghadh mé leis an bpost seo.

“Bhí baint agam le go leor eagraíochtaí pobail le himeacht na mblianta agus tá an obair a dhéanann siad agus an tiomantas a léiríonn siad dá bpobail áitiúla bliain i ndiaidh bliana tugtha faoi deara agam.

“Tugann Gradaim an Chathaoirligh an deis do Chomhairle Contae Mhaigh Eo buíochas a ghabháil leis na hiarrachtaí seo agus an t-aitheantas ceart a thabhairt ar gach aon rud a dhéanann siad.

“Cé nach mbronnfar gach gradam ach ar bhuaiteoir amháin, ba cheart go mbeadh bród mór ar gach uile ghrúpa nó duine a ainmnítear go bhfuiltear buíoch as an obair atá á déanamh acu agus go bhfuil sí á tabhairt faoi deara ag na daoine is tábhachtaí - a bpobal.”

Tá ocht gcatagóir ar oscailt d’ainmniúchán do Ghradaim an Chathaoirligh i mbliana agus bronnfar breis agus gradam amháin i roinnt catagóirí agus is iad siúd:

1. Foilseacháin a bhaineann le Maigh Eo

  • Foilseacháin ó Fhoilsitheoirí Tráchtala
  • Foilseacháin ó Ghrúpaí Pobail

2. Obair ar son na hOidhreachta agus na Bithéagsúlachta Áitiúla

  • Obair ar son na hOidhreachta Áitiúla
  • Obair ar son na Bithéagsúlachta agus na hOidhreachta Nádúrtha

3. Obair ar son an Phobail

  • Gaisce ar son an Phobail
  • Ionchuimsitheacht Shóisialta

4. Turasóireacht Pobail

5. Gradaim Chomhshaoil

  • Pobal Glas na Bliana
  • Tograí Fuinnimh nó Taistil
  • Tograí athúsáide, bruscair agus dramhaíola

6. Obair ar son na nEalaíon i Maigh Eo

7. Cothú agus cur chun cinn na Gaeilge

  • Sa Ghaeltacht
  • Taobh amuigh den Ghaeltacht

8. Obair chun leasa an Diaspóra

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Kevin Kelly, go raibh sé ag dréim leis go mbeadh an Chomhairle in ann an t-aitheantas ceart a thabhairt ar an obair shárluachmhar a dhéanann grúpaí pobail agus daoine sa chontae do na pobail áitiúla.

“Bíonn Gradaim an Chathaoirligh ar cheann de bhuaicphointí na bliana dúinn i gcónaí i gComhairle Contae Mhaigh Eo. Aithníonn muid go ndéanann daoine áitiúla an oiread sin oibre i ngan fhios i mbailte, sráidbhailte, agus bailte fearainn i ngach cearn den chontae iontach seo ar mhaithe lena gceantair áitiúla.

“Tá gliondar croí orainn go bhfuil an deis seo againn trí na gradaim seo buíochas a chur in iúl dóibh as an obair seo agus onóir a léiriú ar an méid a chuir siad le creatlach na beatha i Maigh Eo.

“Thug muid faoi deara anuraidh, i ngeall ar an líon as cuimse ainmniúchán a fuair muid, go bhfuil sárobair á déanamh inár bpobail ag an oiread sin grúpaí agus daoine agus tá súil agam go ndéanfar líon fiú níos mó ainmniúchán i mbliana chun gur féidir leis na daoine agus na grúpaí siúd an t-aitheantas a fháil atá ag dul dóibh.”

Tá síneadh curtha anois leis an spriocdháta d'iarratas. Dúnfar na hainmniúcháin do na gradaim Dé hAoine, an 26 Eanáir 2024 agus reáchtálfar searmanas bronnta na ngradam in Earrach 2024.

Leabhrán Eolais 2023 (PDF) 

Foirm Ainmniúcháin 2023 (Word)

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha