Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Cruinnithe & Cláir Oibre

Cruinnithe de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo


Is féidir féachaint ar chláir oibre cruinnithe de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar líne anois. Tá doiciméid ghaolmhara san áireamh sna cláir oibre sin chomh maith.

Beidh ort Microsoft Word, nó Léitheoir atá comhoiriúnach leis, agus Adobe Reader (Leagan 5 nó níos airde) a bheith agat chun na doiciméid lena mbaineann a fheiceáil.

eAgenda - Córas Leictreonach na gClár Oibre

Tá fáilte roimh an bpobal freastal ar chruinnithe míosúla Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus ar chruinnithe míosúla na gceithre cheantar bhardasacha i gContae Mhaigh Eo. Tá na cruinnithe sin á reáchtáil ar líne faoi láthair chun cloí leis an dea‑chleachtas i leith COVID‑19. Más maith leat freastal go cianda ar chruinniú ar leith, lean na treoracha seo a leanas, le do thoil.

Chun freastal ar an gcruinniú, cuir ríomhphost chuig an riarthóir cruinnithe lena mbaineann agus luaigh d’ainm, d’uimhir fóin, agus dáta agus teideal an chruinnithe ar mhaith leat freastal air. Tabhair faoi do dheara nach mbeidh teacht agat ach ar fhuaim an chruinnithe, toisc nach féidir leis an bpobal labhairt ag na cruinnithe seo. Ar cheadú d’iarratais, glaofar isteach chuig an gcruinniú thú sula gcuirfear tús leis.

Cruinniú Míosúil Chomhairle Contae Mhaigh Eo: councilmeetingsadmin@mayococo.ie

Cruinniú Cheantar Bardasach Bhéal an Átha: ballinamdmeetings@mayococo.ie

Cruinniú Cheantar Bardasach Chaisleán an Bharraigh: castlebarmdmeetings@mayococo.ie

Cruinniú Cheantar Bardasach Chlár Chlainne Mhuiris – Bhéal Átha na Muice M: claremorrisswinfordmdmeetings@mayococo.ie

Cruinniú Cheantar Bardasach Chathair na Mart – Bhéal an Mhuirthead: westportbelmulletmdmeetings@mayococo.ie

Tabhair faoi do dheara go nglacann tú leis an méid seo a leanas ach an ríomhphost sin a sheoladh:

  • Déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo do shonraí a fháil agus a phróiseáil chun tú a ligean isteach sa chruinniú agus chuige sin amháin.
  • Beidh an uimhir a chuir tú ar fáil le feiceáil ag comhairleoirí agus baill foirne de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo fad is a bheidh an cruinniú ar siúl.
  • Is gá duit do mhicreafón a choinneáil balbhaithe ar feadh an chruinnithe. Má dhíbhalbhaíonn tú é ag am ar bith, féadfar tú a chur amach as an gcruinniú.
  • Mura bhfreagróidh tú an glaoch nó an t-iarratas ar ghlaoch roimh an gcruinniú, measfar nach mbeidh tú ag freastal ar an gcruinniú a thuilleadh agus ní bheidh tú in ann rochtain a fháil dá dheasca.
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha