Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Bainistiú Dramhaíola

Athchúrsáil


Tacaíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo le dhá chineál de bhonneagar poiblí athchúrsála, Ionaid "Fág Anseo" (Bainc Bhuidéal) agus Ionaid Taitneamhachtaí Pobail.  

Ionaid "Fág Anseo" (Bainc Bhuidéal) 

Soláthraíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo ionaid "fág anseo", agus iad suite go straitéiseach ar fud an Chontae, ina gceadaítear do shealbhóirí tí athchúrsáil a dhéanamh ar ghloine thrédhearcach, gloine uaithne, gloine dhonn agus cannaí alúmanaim dí.  

  • Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gá lipéid pháipéir a bhaint ach cuimhnigh ar lipéid scragaill, coirc, fáinní agus caipíní a bhaint.   
  • Déan do mhíreanna ath-inúsáidte a shruthlú amach le huisce sula gcuirfidh tú iad san ionad "fág anseo", le do thoil.  
  • Is minic a bhíonn bainc éadaí suite sna láithreacha seo freisin chun glacadh le héadaí ath-inchaite glana. Ní ghlactar le Duivéanna ná le hAdhairteanna sna bainc éadaí. 

Ná bain mí-úsáid as na háiseanna seo trí bhruscar nó dramhaíl a fhágáil iontu.  Is cion faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar é bruscar a chaitheamh uait agus is féidir go mbeidh tú faoi dhliteanas Fíneáil €150 Ar An Láthair a íoc.    

Má tá banc lán, cuir glao, le do thoil, ar 01-6854400 (Rehab glassco) chun go ndéanfar na bainc a fholmhú. 

Más mian leat tuairisc a thabhairt ar bhruscar a bheith á chaitheamh go míchuí in ionad "fág anseo", déan teagmháil, le do thoil, le Rannóg an Chomhshaoil ar 094 9064000 nó cuir ríomhphost chuig environment@mayococo.ie agus déan deimhin de láthair an ionaid "fág anseo" a lua. 

Is féidir teacht ar láithreacha na mBanc Buidéal ag www.mywaste.ie  

Bileog ar na Bainc Bhuidéal: 

Seirbhísí Athchúrsála

Déan teagmháil le Roinn Comhshaoil Chomhairle Contae Mhaigh Eo, le do thoil, chun a thuilleadh eolais a fháil ar na nithe seo a leanas

Seirbhísí Athchúrsála


  • Athchúrsáil Crainn Nollag

    Is féidir le daoine crainn nádúrtha na Nollag a dhiúscairt in Ionaid Taitneamhachtaí Pobail nó i láithreacha breise fágála atá curtha ar fáil ag an gcomhairle.

    Is féidir féachaint ar sceideal athchúrsála na bliana 2022 maidir le crainn na Nollag anseo.

Recycling services

Please contact the Environment Department of Mayo County Council for further information on the following


  • Is féidir le daoine crainn nádúrtha na Nollag a dhiúscairt in Ionaid Taitneamhachtaí Pobail nó i láithreacha breise fágála atá curtha ar fáil ag an gcomhairle.

    Is féidir féachaint ar sceideal athchúrsála na bliana 2022 maidir le crainn na Nollag anseo.



Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha