Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Forbairt Chomhtháite Pobail

Clár Aoisbhá


Is é Aoisbhá Éireann an eagraíocht atá freagrach as an gClár Aoisbhá náisiúnta, atá comhcheangailte le Gréasán Domhanda na gCathracha agus na bPobal Aoisbháúla de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO). Is éard atá i gceist leis an gclár ná cur chuige ilghníomhaireachtaí ilearnálacha maidir le pleanáil agus soláthar seirbhísí aoisbháúla.

Oibríonn Aoisbhá Éireann mar ionad comhroinnte seirbhísí de chuid an rialtais áitiúil arna óstáil ag Comhairle Contae na Mí. Tacaíonn an t-ionad comhroinnte seirbhísí le gréasán 31 Chlár Aoisbhá áitiúla atá faoi stiúir na n-údarás áitiúil.

Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo a chuireann Aoisbhá Mhaigh Eo ar fáil agus a oibríonn le feabhas a chur ar na seirbhísí agus na háiseanna a dheimhnigh na seandaoine iad a bheith tábhachtach dóibh, agus don mhórphobal, agus iad ag maireachtáil go sláintiúil breabhsánta.

 Áirítear i measc ár dtograí, a dhéantar i gcomhar le heagraíochtaí eile:

  • Spásanna agus Foirgnimh Amuigh Faoin Aer
  • Iompar
  • Tithíocht
  • Meas agus Cuimsiú Pobail
  • Rannpháirtíocht Pobail
  • Cumarsáid agus Oideachas
  • Rannpháirtíocht Chathartha agus Fostaíocht
  • Sláinte agus Folláine

Is iad an Chomhghuaillíocht Aoisbháúil agus Comhairle Seandaoine Mhaigh Eo príomhrannpháirtithe an chláir seo.

Tugann ár gComhghuaillíocht Aoisbháúil seandaoine, soláthróirí seirbhísí agus gnólachtaí le chéile leis an meon a athrú i leith na seanaoise a athrú agus i leith conas a phleanáiltear agus a sholáthraítear seirbhísí a chuirtear ar fáil dár seandaoine.

Más maith leat tuilleadh eolais faoin gclár, cuir ríomhphost chuig agefriendlymayo@mayococo.ie

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha