Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Seirbhísí Tithíochta


Fáilte go dtí Rannóg Tithíochta Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Agus é ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí agus is forleithne den Údarás Áitiúil, tá sé de chúram orainn tithe a fháil dóibh siúd a bhfuil gá acu leo.

Is é an aidhm atá ag an oifig seo tithíocht agus tacaíocht tithíochta a chur ar fáil atá feiliúnach, ar ardchaighdeán agus éifeachtach ó thaobh costas de. Creidimid gur cheart dóibh siúd a bhfuil sé ar a n-acmhainn tithíocht a fháil ar cíos nó a cheannach agus gur cheart go mbeadh fáil acu siúd nach bhfuil ar thithíocht shóisialta nó ar thacaíocht le teach príobháideach a fháil ar cíos.

Reáchtálaimid scéimeanna éagsúla tríd an Oifig Tithíochta, an Clár um Chúnamh Tithíochta, An Scéim um Chóiríocht ar cíos agus an Gréasán um Thithe Folmha ina measc.

Ma tá tacaíocht uait le díon a chur os do chionn nó más úinéir tí thú atá ag iarraidh cabhrú leis an Chomhairle tithíocht a chur ar fáil do dhaoine, tá an t-eolas uilig a bheidh ag teastáil uait le fáil anseo.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha