Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Eolas do Thionóntaí


Cearta agus Freagrachtaí

Tá an Comhairle agus an tionónta freagrach as cothabhála áitribh atá ar cíos ón gComhairle. Is í an Chomhairle atá freagrach as cothabháil struchtúir an tí, de ghnáth, agus is iad tionóntaí atá freagrach as daingneáin agus feistis agus ábhair taobh istigh.

Cothabháil

Moltar do thionóntaí féachaint ar liosta iomlán na bhfreagrachtaí cothabhála i Lámhleabhar na dTionóntaí sula ndéanfaidh siad deacrachtaí cothabhála a thuairisciú don Chomhairle.

Rangaíonn an Chomhairle tuairiscithe cothabhála mar thuairiscí éigeandála nó mar ghnáth-thuairiscithe agus cuirtear in ord tosaíochta iad dá réir.

Iarratas ar Aistriú

I gcás ina bhfuil tionóntaí in áitreabh ar cíos le dhá bhliain anuas ar a laghad, is féidir leo cur isteach ar aistriú ón áitreabh ina bhfuil siad, má chomhlíonann siad roinnt coinníollacha incháilitheachta.

Tá critéir dhaingne sa Scéim un Thosaíochtaí Cíosa maidir le hincháilitheacht le haghaidh aistrithe. De ghnáth, ní bheidh tionóntaí incháilithe ach ar bhonn róphlódaithe, ar bhonn sláinte nó ar fhoras atruacha, nó má tá teach níos lú ag teastáil uathu. Ní mór do thionóntaí coinníollacha eile a shásamh freisin: ba cheart go mbeadh cuntas glan cíosa agus taifead maith tionóntachta acu, mar shampla.

Is féidir le tionóntaí iarratas a dhéanamh ar aistriú tí ach foirm iarratais a iarraidh ón Aonad Tithíochta ina gCeantar Bardasach. Déanfaidh an tOifigeach Teagmhála Tithíochta agus an tOifigeach Tithíochta measúnú uirthi agus cuirfear cinneadh in iúl i scríbhinn.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha