Tithe Folmha
Roghanna le haghaidh tithe folmha
-
An bhfaca tú tithe folmha i do cheantar féin?
Má tá a fhios agat go bhfuil teach folamh nó tithe folmha i do cheantar féin, is féidir leat tuairisc anaithnid a chur isteach ar vacanthomes.ie
-
An bhfuil teach folamh agatsa?
Uaireanta is deacair d’úinéirí tithe folmha eolas a fháil faoi na roghanna atá ar fáil dóibh chun an teach a úsáid arís.
Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag iarraidh tithe oiriúnacha a fháil ar fud Chontae Mhaigh Eo chun tithíocht a sholáthar agus chun ár spriocanna a bhaint amach
-
Buntáistí a bhaineann le do theach a bheith in úsáid arís:
- Is féidir leat luach caipitil do thí a mhéadú
- Bíonn acmhainneacht infheistíochta fadtéarmaí ag baint le háitribh a choimeádtar i mbaill mhaith
- Beidh an teach níos tarraingtí le ceannach
- Bíonn an teach slán ó iompar frithshóisialta agus loitiméireacht
- Cuirtear teach ar fáil do dhaoine a bhfuil tithíocht uathu.
Tithe a Thabhairt ar ais - Lámhleabhar le haghaidh Tithe a Athúsáid
Ceapadh an lámhleabhar seo chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine chun seanfhoirgnimh nó foirgnimh fholmha inár mbailte agus inár gcathracha a athúsáid, agus chun an próiseas sin a éascú. Tugtar soiléireacht sa lámhleabhar maidir le cur i bhfeidhm na riachtanas rialála atá anois ann maidir le cineálacha foirgnimh coitianta. Tá treoir ann maidir le hathúsáid na bhfoirgneamh sin a éascú freisin
-
An Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe
Tá an Scéim Deisiúcháin agus Léasála dírithe ar úinéirí tithe folmha nach bhfuil sé d’acmhainn acu, nó nach bhfuil an maoiniú acu, tithe folmha a choiriú ar an gcaighdeán is gá chun iad a chur ar cíos.
Má tá teach, árasán nó seomra suí agus leapa agat atá folamh le bliain anuas nó níos faide ná sin, agus ar gá athchóiriú a dhéanamh air le go mbeidh sé ar an gcaighdeán cuí lena ligean ar cíos, is féidir leat do spéis sa scéim a léiriú do d’údarás áitiúil.
Más gá deisiúcháin a dhéanamh san áitreabh, íocfaidh údarás áitiúil nó Comhlacht Ceadaithe Tithíochta roimh ré as obair dheisiúcháin a bhfuil uasluach €60,000 léi le CBT san áireamh. Mar chúiteamh, is gá an réadmhaoin a chur ar fáil mar thithíocht shóisialta ar feadh cúig bliana ar laghad faoi léas díreach nó faoi Chomhaontú um Rochtain Réadmhaoine ar Cíos (RAA)
-
An Scéim Ceannaigh agus Athnuachana
Tá an Scéim Ceannaigh agus Athnuachana cosúil leis an Scéim Deisiúcháin agus Léasála, ach go bhfuil an rogha inti go gceannódh an t-údarás áitiúil an réadmhaoin seachas í a thógáil amach ar léas.
Is éard a bheadh i gceist leis seo ná go ndíolfá do theach leis an údarás áitiúil. Dírítear an scéim ar sheantithe folmha go háirithe, chun dul i ngleic le dúshlán an dearóilithe agus chun cuma na háite a fheabhsú
-
Léasáil Fhadtéarmach
Rogha mhaith a bheadh sa léasáil fhadtéarmach duit má tá teach nó árasán agat atá folamh agus a bhfuil caoi mhaith air. Níl an éiginnteacht a bhaineann le teach a ligean ar cíos i gceist leis an scéim seo, toisc go mbíonn téarmaí 10-20 bliain i gceist. Tá sí inmharthana ó thaobh airgeadais de freisin, toisc go bhfaightear 80% den chíos margaidh gach mí.
Seo cuid de na buntáistí a bhaineann leis an scéim seo:
- Ní gá tionontaí a bhainistiú
- Níl cíos ná riaráistí le bailiú
- Ní gá aon chothabháil a dhéanamh ar an teach ó lá go lá
- Níl táillí fógraíochta ná riaracháin i gceist
-
Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP)
Is cineál tacaíochta tithíochta sóisialta í an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta a chuirtear ar fáil do dhaoine a cháilíonn le haghaidh cúnaimh agus a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu. Faoin scéim seo, déantar íocaíochtaí díreacha leis an tiarna talún thar ceann an tionónta, faoi réir uasteorainneacha cíosa.
Seo cuid de na buntáistí a bhaineann leis an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta do thiarnaí talún:
- Íocaíocht leictreonach dhíreach gach mí
- Gan ghá le bailiú cíosa
- Faoiseamh cánach 100% ar ús morgáiste mar chaiteachas in aghaidh ioncam cíosa
Nóta: Tá an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta do Dhaoine gan Dídean cosúil leis Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta, ach tá discréid léi na teorainneacha cíosa a shárú i gcás teaghlaigh gan dídean
-
An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS)
Is tionscnamh í an Scéim um Chóiríocht ar Cíos a ceapadh chun freastal ar dhaoine atá ag fáil forlíonadh cíosa agus a bhfuil cónaí orthu san earnáil cíosa príobháidigh le 18 anuas nó níos faide. Téann údaráis áitiúla i mbun conarthaí díreacha le tiarnaí talún chun a n-áitribh a fháil go meántéarmach nó go fadtéarmach.
Seo cuid de na buntáistí atá ag an scéim d’úinéirí:
- Íocaíochta prasa díreacha ón Údarás Áitiúil ar feadh an chonartha
- Is féidir le tiarnaí talún íocaíocht a fháil má bhíonn an réadmhaoin folamh idir tionóntachtaí
- Faoiseamh cánach 100% ar ús morgáiste mar chaiteachas in aghaidh ioncam cíosa.
-
Cé leis ar cheart dom teagmháil a dhéanamh?
Más maith leat do roghanna a phlé tuilleadh, déan teagmháil leis an Oifigeach um Thithe Folmha:
Deirdre Swords, Uasal
An Oifig Tithíochta
Teach an Choláiste
Bóthar an Stáisiúin
Béal Átha na Muice
Contae Mhaigh Eo
F12 V126Fón: +353 (0) 94 9064951
Seoladh ríomhphoist: dswords@mayococo.ie
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Thithe Folmha más fearr leat ag vhu@housing.gov.ie
FÉACH FREISIN: