Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Tacaíocht do Dhaoine gan Dídean


Roghanna Lóistín do Dhaoine gan Dídean

Má tá tú gan dídean, má bhíonn tú ag codladh taobh amuigh nó má tá baol ann go mbeidh tú gan dídean, ní mór duit dul go dtí an Oifig Tithíochta i do Cheantar Bardasach idir 9am agus 5pm chun cúnamh a fháil. Bíonn na hoifigí dúnta ag am lóin (1pm-2pm).

Má bhíonn cúnamh uait taobh amuigh de na huaireanta sin, le do thoil, téigh go dtí stáisiún na nGardaí i do cheantar féin.

Beidh aitheantas fótagrafach uait san oifig tithíochta áitiúil, amhail cárta seirbhísí poiblí, ceadúnas tiomána nó pas. Beidh ort fianaise le d’ioncam nó íocaíocht leasa shóisialaigh a chur ar fáil freisin, amhail duillín pá ó fhostóir nó ó Oifig an Phoist.

Oifigeach Coinneála Tionóntachtaí. 

Cuireann an tOifigeach Coinneála Tionóntachtaí i gComhairle Contae Mhaigh Eo tacaíocht ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a dtionóntachtaí a choinneáil.

Más tionónta thú agus má tá baol ann go gcaillfidh tú do thionóntacht, nó más úinéir tí thú agus má tá baol ann go gcaillfidh tú do theach, déan teagmháil leis an Oifigeach Coinneála Tionóntachtaí ag 094 9064730.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha