Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Tréidliacht

Tréidliacht


Fáilte go dtí Rannóg Tréidliachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Tá triúr tréidlianna fostaithe go lánaimseartha inár n-oifigí agus beirt thréidlianna eile fostaithe ar bhonn páirtaimseartha. Baineann formhór na hoibre a dhéanann na tréidlianna seo le réimse an tSláinteachais Bhia nó na Sábháilteachta Bia.

Tá ár gcigirí tréidliachta páirteach i reachtaíocht náisiúnta an AE a chur i bhfeidhm ó thaobh sábháilteachta bia, galar ainmhithe agus leasa ainmhithe de.

Tá Maor Madraí an Chontae lonnaithe anseo inár n-oifig freisin. Is é an ról atá aici leas madraí ar fud an chontae a chinntiú agus féachaint chuige go mbíonn úinéirí freagrach as a gcuid madraí i gcónaí.

Aidhm na Rannóige Tréidliachta

Oibriú le hoibreoirí áitiúla in earnáil an bhia chun cabhrú leo na caighdeáin is airde sa tsábháilteacht bhia a bhaint amach agus a choinneáil. Tá muid gníomhach i mbun dul i ngleic le galair zónóiseacha idir ainmhithe agus daoine. Tá ionchur díreach againn i ndíothú Galar Infhógartha.

Déantar an obair sábháilteacha bia faoi Chonradh Seirbhíse leis an Údarás Sábháilteachta Bia, agus cuirtear béim ar shláinteachas agus inrianaitheacht.

Sábháilteacht Bhia 

Áitreabh agus Táirgí

Déanann an Rannóg Tréidliachta scrúduithe agus iniúchtaí rialta sábháilteachta bia le cinntiú go gcomhlíontar Dlí na hÉireann agus an AE.

Maidir leis na conablaigh inár gcuid seamlas, is conablaigh de bhunadh ainmnhithe iad a ndearna ár bhfoireann tréidliachta scrúdú ceann ar cheann orthu roimh iad a mharú agus dá éis araon. Cuirtear marc folláine – le huimhir uathúil aitheantais an tseamlais ina maraíodh é – ar gach conablach a mheastar a bheith slán le hithe ag daoine.

Marcáiltear uimhir chlibe an ainmhí go sonrach ar gach píosa feola a fhágann ár seamlais d’fhonn inrianaitheacht iomlán chun an tréada bunaidh a chinntiú. Is ón gceantar máguaird laistigh den chontae a thagann formhór na n-ainmhithe a chuirtear chuig na seamlais seo i Maigh Eo.

Ar an gcaoi chéanna, tá uimhir uathúil aitheantais san áireamh ag gach ionad próiseála feola sa mharc folláine agus ní mór an uimhir seo a bheith ar taispeáint ar lipéad na dtáirgí go léir a thagann ón áitreabh sin. Ní mór eolas ar nós sonraí teagmhála, dáta ‘úsáid faoi’ nó dáta éaga, agus eolas i gcomhair teocht stórála an táirge a bheith ar taispeáint ar an lipéad freisin.

Tá muid faoi réir cigireachta ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, atá féin faoi réir cigireachta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia. Leis an tsraith iniúchtaí seo ag gníomhaireachtaí éagsúla, cinntítear sábháilteacht na feola a tháirgtear inár seamlais agus ionaid próiseála feola i gContae Mhaigh Eo.

Oiliúint

Ní mór dóibh siúd uile atá ag obair i seamlais agus monarchana próiseála feola Oiliúint i Sláinteachas Bia a fháil. I ndáil leis seo, bíonn cruinnithe rialta againn le húinéirí agus oibreoirí agus tugann muid cabhair i leith na hoiliúna trí réimsí a shainaithint a dteastaíonn béim a chur orthu agus reáchtálann muid cúrsaí oiliúna dírithe ar na réimsí seo.

Leas Ainmhithe 

Tá muid freagrach as leas gach ainmhí faoinár gcúram faoin Acht um Rialú Madraí, 1986 agus faoin Acht um Rialú Capall, 1996. Tugann an Rannóg Tréidliachta cabhair i leith cur i bhfeidhm an dá phíosa reachtaíochta seo.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha