Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ailtirí

Rannóg na nAiltirí


Is cleachtas ailtireachta ildisciplíneach rialtais áitiúil muid a chuireann seirbhísí láraithe dearaidh, soláthair, bainistíochta, ailtireachta, pleanála, caomhantais, oidhreachta, páirceanna agus seirbhísí sainchomhairleoireachta gaolmhara ar fáil do gach rannóg inmheánach laistigh de Chomhairle Contae Mhaigh Eo, chomh maith le seirbhísí Ailtireachta ‘intí’ atá lonnaithe taobh istigh dá 4 Cheantar Bhardasacha.  

Tá ról an-tábhachtach ag Rannóg na nAiltirí ag dhá leibhéal:

  • Seachadadh áitiúil Clár Náisiúnta don Rialtas Lárnach, mar shampla ‘Atógáil Éireann’ agus ‘Éire 2040’.
  • Athnuachan Uirbeach na gContaetha, na mBailte agus na Sráidbhailte a thiomáint agus a bhainistiú, trí Phobail Áitiúla mar áiteanna iontacha le cónaí agus le hoibriú iontu.

Tá réimse leathan saineolais intí i gceist leis an Rannóg agus tá 5 shnáith i gceist leis:

  1. Tithíocht & Caipitiúil.
  2. Ailtirí na gCeantar Bardasach.
  3. Oifig Caomhantais Ailtireachta.
  4. Oifig Oidhreachta.
  5. Rannóg na bPáirceanna.



Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha