Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Maor Madraí

Maor Madraí


Feidhmíonn ár n-oifig faoi reachtaíocht an Achta um Rialú Madraí, 1986 agus 1992, rud a thugann freagracht dúinn as ceadúnú agus rialú madraí mar chuid de Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Tá údarás againn Maoir Madraí a cheapadh, Ionaid Dídine Madraí a chur ar fáil do mhadraí ar strae agus madraí gan iarraidh, madraí a ghabháil, fíneálacha a ghearradh ar an láthair, agus cásanna dlí a thógáil in aghaidh úinéirí madraí.  

Ní mór d’úinéirí madraí a thuiscint go mbaineann freagracht le bheith i d’úinéir madra agus gur tusa atá faoi dhliteanas i leith aon damáiste nó gortú a dhéanann do mhadra do dhaoine nó do bheostoc. Is éard atá i gceist le bheith i d’úinéir madra ná nach mór duit bia, cóiríocht agus cúram a thabhairt do do pheata agus ceadúnas madraí a cheannach.

Is féidir ceadúnais madraí a cheannach ar líne nó ag d’oifig poist áitiúil agus de réir an dlí anois is gá micrishlis a chur i do mhadra agus an mhicrishlis sin a bheith cláraithe ar bhunachar faomhaithe.

Tá bileog eolais curtha le chéile againn Cén chaoi le bheith i d’úinéir freagrach madraí a chlúdaíonn gach gné d’aire a thabhairt do do mhadra.

Úinéireacht Fhreagrach Madraí

Má tá tú ag smaoineamh ar choileán / madra a fháil bí eolach gur tháinig rialacháin nua i bhfeidhm ar an 1 Feabhra 2020. Cuimhnigh go bhfuil ceangaltas fadtéarmach i gceist le bheith i d’úinéir madraí agus ba cheart dianmhachnamh a dhéanamh air.

Ní mór go mbeadh buneolas faoi leith faoin bpeata agus an díoltóir nó an soláthraí san áireamh i ngach fógra maidir le hainmhithe peata a dhíol nó a sholáthar. Más madra atá sa pheata, ní mór uimhir na micrishlise a shonrú san fhógra.

Faigh Ceadúnas Madraí anseo




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha