Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Maor Madraí

Madra ar iarraidh


Madraí ar iarraidh agus madraí fáin

Madraí fáin

Is éard iad madraí fáin ná madraí atá amuigh in áit phoiblí agus gan an t-úinéir nó duine freagrach eile a bheith ina dteannta. Meastar gur madraí fáin iad madraí nach bhfuil faoi lánsmacht chomh maith. Ba chóir madraí fáin a thuairisciú leis an Maor Madraí. Is féidir go bhfaighfeá fíneáil ar an láthair sa chás nach mbíonn do mhadra faoi lánsmacht agat.

Is féidir leis an maor madraí nó comhalta den Gharda Síochána madraí fáin a urghabháil. D’fhéadfaí úinéirí nua a aimsiú do na madraí seo nó d’fhéadfaí iad a chur chun báis mura mbailíonn a gcuid úinéirí ón bpóna iad laistigh de chúig lá.

Céard ba cheart dom a dhéanamh má thagaim ar mhadra fáin?

Tabhair an madra ar ais dá úinéir má tá a chuid sonraí le fáil ar a choiléar.

Mura n-éiríonn leat teacht ar úinéir an mhadra is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maor Madraí.

Coinnigh an madra tú féin. Sa chás seo, ní mór duit fógra scríofa a thabhairt do na Gardaí nó don Mhaor Madraí, ina bhfuil cur síos ar an madra, seoladh na háite inár aimsíodh é agus seoladh na háite ina bhfuiltear á choinneáil.  

Mura mbailíonn an t-úinéir an madra taobh istigh de bhliain beidh sé de chead agat bheith i d’úinéir ag an madra.

Tá sé in aghaidh an dlí madra fáin a thabhairt d’aon duine nó gníomhaireacht seachas úinéir an mhadra, an Maor Madraí nó na Gardaí.

Má thagann tú ar mhadra fáin is féidir leat é a thuairisciú dúinn – An Rannóg Tréidliachta – 094 9024444 rphost vetinfo@mayococo.ie

An bhfuil do mhadra ar iarraidh?

Más mian leat tuairisc a dhéanamh ar mhadra atá ar iarraidh, seol ríomhphost chugainn ag vetinfo@mayococo.ie agus luaigh sonraí do mhadra ann.

  • Pór (más eol duit é)
  • Méid, dath, aois, agus aon mharcanna suntasacha atá air
  • Sonraí maidir lena chlib agus a choiléar
  • Inscne
  • Uimhir na micrishlise
  • An dáta agus an áit dheireanach a bhfacthas an madra
  • Sonraí teagmhála
  • Grianghraf a tógadh le déanaí nach mó ná 2 MB a mhéid más féidir

Madra nach dTeastaíonn?

Is féidir madra nach dteastaíonn a thabhairt go dtí an Póna Madraí nó dul i dteagmháil leis an Maor Madraí. Caithfidh an t-úinéir ceadúnas bailí a thaispeáint agus gearrfar táille ghéillte €70. Déantar úinéirí nua a aimsiú do mhadraí sa chás go bhfeileann.

 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha