Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Maidir linn


Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag croí an phobail áitiúil agus is soláthróir tábhachtach í maidir leis an bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta i Maigh Eo. Is muid a dhéanann ionadaíocht thar ceann na ndaoine, mar cheannaire daonlathach an Chontae, agus seirbhísí áitiúla ríthábhachtach á soláthar againn atá lárnach don chaighdeán saoil atá ag gach duine i Maigh Eo, idir chónaitheoirí, oibrithe, agus chuairteoirí.

Agus í ina príomhchomhlacht poiblí i Maigh Eo, déanann Comhairle Contae Mhaigh Eo éascaíocht ar pháirtithe leasmhara eile atá freagrach as seirbhísí tábhachtach poiblí agus tacaíonn leo. Nuair a sheasann muid leis na freagrachtaí atá orainn, is féidir le daoine eile seasamh lena n-oibleagáidí freisin. Tá an Chomhairle ag croí na hiarrachta Maigh Eo a dhéanamh inbhuanaithe, ionchuimsitheach, rathúil agus bródúil.

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo bunaithe ar an bpobal agus dírithe ar na daoine, is é ár misean, mar chomhlacht daonlathach a dhéanann ionadaíocht thar ceann mhuintir Mhaigh Eo, ná seasamh lenár gcoimitmintí dár bpobail. Déanann muid ionadaíocht thar ceann na ndaoine trínár gcomhairleoirí, agus déanann ár bhfoireann a ndícheall saothrú ar son fhorbairt Chontae Mhaigh Eo freisin, anois agus amach anseo.

Lean muid ar na meáin shóisialta

  Mayo.ie Comhairle Contae Mhaigh Eo
Facebook https://www.facebook.com/MayoDotIE https://www.facebook.com/mayococo
Twitter https://twitter.com/MayoDotIE https://twitter.com/MayoCoCo
Instagram https://www.instagram.com/mayo.ie/  
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha