Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

An Bhithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha

Plean Gníomhaíochta Chontae Mhaigh Eo don Bhithéagsúlacht


Tá sé mar aidhm ag Plean Gníomhaíochta Chontae Mhaigh Eo don Bhithéagsúlacht feasacht a ardú maidir le hoidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht an chontae agus iad a chaomhnú.

Tá an Plean:

  • Ina chreatlach le haghaidh caomhnú bithéagsúlachta ag leibhéal áitiúil
  • Ina chabhair agus muid ag cinntiú gur féidir spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta caomhnaithe bithéagsúlachta a bhaint amach agus ag an am céanna go dtéitear i ngleic le tosaíochtaí áitiúla.

Tá straitéis nua maidir le cosaint, caomhnú agus cur chun cinn bhithéagsúlacht Mhaigh Eo á hullmhú faoi láthair. Beidh an straitéis mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Mhaigh Eo 2020 – 2025  atá á fhorbairt faoi láthair.

Léireofar agus aithneofar sa Phlean Bithéagsúlachta nua na dúshláin a chruthaíonn an t-athrú aeráide don bhithéagsúlacht agus cén chaoi ar féidir leis an mbithéagsúlacht a éifeachtaí a mhaolú.

Plean Gníomhaíochta Chontae Mhaigh Eo don Bhithéagsúlacht 2010-2015

Ghlac Comhairle Contae Mhaigh Eo leis an gcéad Phlean Bithéagsúlachta i mí na Samhna 2010.

 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha