Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

An Bhithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha

Speicis Ionracha


Is éard atá i gceist le Speicis Ionracha ná speicis nach bhfuil dúchasach in Éirinn a tugadh isteach mar gheall ar idirghabháil dhaonna taobh amuigh dá raon nádúrtha agus ar féidir leo bagairt a chruthú dár bhfiadhúlra nádúrtha. Is féidir leo díobháil mhór a dhéanamh don chomhshaol, don gheilleagar nó do shláinte an duine.

A luaithe is a thugtar isteach speicis Ionracha, is deacair agus is costasach smacht a choinneáil orthu, iad a bhainistiú agus iad a dhíothú agus mar sin is fearr i bhfad iad a thabhairt faoi deara agus bearta chun dul i ngleic leo a chur i bhfeidhm go luath. Ní dhéanann formhór na speiceas neamhdhúchasach (nó speicis choimhthíocha mar a thugtar orthu freisin) dochar ar bith agus níl ach sciar beag díobh a mheastar a bheith ionrach.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar speicis ionracha féach Invasive Species Ireland.

Gunnera tinctoria – Gunnaire

Thug Comhairle Contae Mhaigh Eo, i gcomhpháirt leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Dúlra, le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, faoi thionscadal taighde ó 2006-2009 le hiniúchadh a dhéanamh ar na bealaí is éifeachtaí le fás agus leathadh an phlanda ionraigh Gunnera Tinctoria nó gunnaire mar is fearr atá aithne orthu, a choinneáil faoi smacht.

Mar thoradh ar an tionscadal seo foilsíodh bileog eolais d’úinéirí talún.

Bileog Eolais ar Ghunnaire (pdf - 868 kb) 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha