Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

An Bhithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha

An Plean Uile-Éireann um Pailneoirí


Is éard atá sa Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí ná straitéis a fheidhmíonn chun tacú le laghdú na bpailneoirí, ár 98 speiceas de bheacha san áireamh, a bhfuil trian acu i mbaol báis.

Chuir Comhairle Contae Mhaigh Eo a hainm síos mar chomhpháirtí don Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí i mí na Bealtaine 2019.

Oibrímid le tacú leis an bPlean Uile-Éireann um Pailneoirí tríd an obair a dhéanann muid le pobail agus le foireann an údaráis áitiúil agus trí cheardlanna agus léachtaí a reáchtáil mar gheall ar an bplean. Coinnigh súil ar ár rannóg imeachtaí le haghaidh eolas ar imeachtaí atá ag teacht.

Tá an Oifig Oidhreachta ag obair le pobail ar fud na tíre chun cabhrú leo a gceantair áitiúla a dhéanamh níos tacúla do phailneoirí trí athruithe a chur i bhfeidhm i mbainistiú fásra, córais bainte féir agus pleananna curtha. Tá muid tar éis roinnt seisiúin eolais agus ceardlann a reáchtáil ar fud na tíre freisin.

D’éirigh go hiontach lenár Sraith Ceardlann 'Growing for Biodiversity' a reáchtáladh in 2019. An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a mhaoinigh an tsraith, faoin bPlean Náisiúnta Bithéagsúlachta, agus d’fhreastail ionadaithe ó 10 bpobal ar na ceardlanna seo. Leanann muid orainn ag cabhrú leo le gníomhaíochtaí agus tionscadail a thacaíonn le pailneoirí a chur i bhfeidhm ina gceantair áitiúla.

Má theastaíonn uait tuilleadh a fháil amach nó más mian le do phobal a bheith ina ‘phobal a thacaíonn le pailneoirí’, dean teagmháil leis an Oifig Oidhreachta.

Gradam Pailneoirí an Údaráis Áitiúil

Is é an aidhm atá le Gradam Pailneoirí an Údaráis Áitiúil ná grúpaí a bhíonn ag plé le Comórtas na mBailte Slachtmhara a spreagadh le gníomhaíochtaí a thacaíonn le pailneoirí a chur i bhfeidhm ina gcuid bailte agus sráidbhailte mar chuid den chomórtas. Tacaíonn an Gradam leis an bPlean Uile-Éireann um Pailneoirí agus tá sé á mhaoiniú agus á chomhordú ag Oifigí Oidhreachta agus Oifigí Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar fud na hÉireann i gcomhpháirt leis an Ionad Sonraí Bithéagsúlachta Náisiúnta.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha