Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

An Bhithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha

Bogaigh Mhaigh Eo


Tá réimse leathan bogach i Maigh Eo, ina bhfásann go leor speiceas plandaí agus ainmhithe. I measc na ngnáthóg atá againn, tá portaigh, turlaigh, eanaigh, riasca, aibhneacha agus tuilemhánna bainteacha, locha, fuaráin, coillearnacha fliucha agus gnáthóga éagsúla bogach de chuid an chósta.

Tá Oifig Oidhreachta Mhaigh Eo, le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, tar éis roinnt tionscadal bogach a chur i gcrích, ina measc:

  • Bunachar Sonraí de láithreáin Bogach Mhaigh Eo a bhailiú.
  • Foilsiú an leabhráin Wetlands of Mayo le feasacht a ardú maidir le bogaigh Mhaigh Eo agus an tábhacht a bhaineann leo ó thaobh na bithéagsúlachta, na sláinte agus na folláine, an gheilleagair, na turasóireachta, agus an mhaolaithe tuilte agus athraithe aeráide.

Bogaigh Mhaigh Eo

Leabhrán nua a bhfuil sé mar sprioc aige feasacht a ardú maidir le hoidhreacht bhogaigh Mhaigh Eo agus cur le tuiscint maidir le ról na mbogach inár saol uile mar shócmhainn a théann chun leasa gach duine. Cliceáil ANSEO chun do chóip a íoslódáil.

Má tá cóip chrua den leabhrán uait cuir ríomhphost chuig heritage@mayococo.ie

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha