Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Mótarcháin

Leantóirí


Céard a theastóidh uaim chun mo leantóir a chlárú den chéad uair?

Caithfear gach leantóir ag a bhfuil Ollmheáchan Dearaidh Feithicle níos mó ná 3,500 kg a chlárú ag d’oifig mótarchánach áitiúil, leantóirí úrnua agus leantóirí iompórtáilte ina measc.

I gcás leantóirí a rinneadh roimh an 29 Deireadh Fómhair 2012, teastóidh:

  • Foirm TF100 (PDF ANSEO) – Caithfear an fhoirm a líonadh isteach ina hiomláine agus an Dearbhú a shíniú agus a dhátú.
  • TF300B (PDF ANSEO) – Teastas Déantúsóra/Cóimeálaí stampáilte, sínithe agus dátaithe ag déantúsóir/cóimeálaí an Leantóra nó a ngníomhaire údaraithe.
  • Cruthúnas seolta (i.e. bille fóntais a eisíodh le trí mhí anuas).
  • Uimhir PSP/CBL.
  • Sonrasc nó Comhaontú Léasa Bunaidh le haghaidh cheannach an leantóra, ar a bhfuil an Uimh. VIN/Fonnaidh.
  • Táille €60.

I gcás leantóirí a rinneadh ar an 29 Deireadh Fómhair 2012 nó ina dhiaidh, teastóidh:

  • Foirm TF100 (PDF ANSEO) – Caithfear an fhoirm a líonadh isteach ina hiomláine agus an Dearbhú a shíniú agus a dhátú.
  • TF300A (PDF ANSEO) – Deimhniú Aitheantais Meáchain.
  • Chomh maith le Deimhniú Formheasta inghlactha (ceann díobh seo thíos):
  • Deimhniú Comhréireachta CE (EC CoC) le haghaidh leantóir iomlán nó críochnaithe (comhlíonann sé faomhadh an Aontais Eorpaigh agus féadtar an leantóir a chur i seirbhís i mBallstát AE ar bith leis – caithfidh sé a bheith i nGaeilge nó i mBéarla).
  • Deimhniú Comhréireachta Náisiúnta Cineálcheadaithe um Fheithiclí Sraitheanna Beaga de chuid na hÉireann (NSSTA CoC) le haghaidh leantóir iomlán nó críochnaithe (comhlíonann sé faomhadh na hÉireann de réir NSAI – soláthraíonn an dáileoir/déantúsóir é).
  • Deimhniú Formheasta Ceadaithe Feithiclí Aonair de chuid na hÉireann (Deimhniú IVA) – comhlíonann sé faomhadh na hÉireann le haghaidh leantóirí a iompórtáiltear agus leantóirí speisialta/ar leith.
  • Más leantóir iompórtáilte é a bhfuil fianaise ina leith ar dheimhniú formheasta náisiúnta ó Bhallstát AE, ba cheart iarraidh ar an úinéir dul i dteagmháil le NSAI chun go ndéanfar an leantóir a scrúdú agus a dheimhniú agus, a luaithe a chomhlíontar na ceanglais ar fad, eiseoidh NSAI deimhniú IVA Éireannach don leantóir.
  • Cruthúnas seolta (i.e. bille fóntais a eisíodh le trí mhí anuas).
  • Uimhir PSP/CBL.
  • Sonrasc nó Comhaontú Léasa Bunaidh le haghaidh cheannach an leantóra, ar a bhfuil an Uimh. VIN/Fonnaidh.
  • Táille €60.

Tabhair faoi deara nach féidir an cárta leantóra a eisiúint ag an gcuntar, ach go gcuirfear sa phost é chuig an seoladh cláraithe.

Is féidir cárta ceadúnas leantóra athsholáthair a eisiúint nuair a fhaightear Foirm RF134: Iarratas ar Athsholáthar Doiciméad – PDF ANSEO (sínithe agus stampáilte ag stáisiún Gardaí) agus an táille athsholáthair €6.

Is féidir athruithe ar úinéireacht an leantóra a chur in iúl ach an cárta leantóra agus Foirm TF200 (Fógra maidir le hÚinéireacht Leantóra a Aistriú) (PDF ANSEO) a chur faoi bhráid na hOifige Mótarchánach.

https://www.mayo.ie/en-ie/your-council/services/motor-tax/exempt-vehicles

Feithiclí Díolmhaithe

Tá díolúine ag na feithiclí a leanas ón dliteanas mótarcháin a íoc ar fheithicil:

  • Feithiclí faoi úinéireacht an Stáit.
  • Feithiclí taidhleoireachta.
  • Feithiclí a fhaigheann díolúine faoi na Rialacháin um Thiománaithe Míchumasaithe agus Paisinéirí Míchumasaithe (Lamháltais Chánach), 1994 (I.R. Uimh. 353 de 1994).
  • Feithiclí (aon rothar ar a bhfuil feisteas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil ina measc) nach sáraíonn 400 kg i meáchan gan ualach a oiriúnaíodh agus a úsáidtear le haghaidh na n-easlán.
  • Feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína n-iompar nó trína dtarraingt é) báid tarrthála agus a bhfearas nó aon trealamh chun cabhrú le daoine agus maoin a chaomhnú i gcásanna longbhriste agus guaise ar muir.
  • Feithiclí nach n-úsáidtear ach ar mhaithe le tarrtháil sléibhe agus pluaise.
  • Feithiclí nach n-úsáidtear ach ar mhaithe le cuardach agus aisghabháil faoi uisce.
  • Feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína n-iompar nó trína dtarraingt é) innealra déanta bóithre a thógtar mar chuid d’fheithicil nó atá greamaithe go buan di, nach n-iompraíonn aon ualach seachas earraí nó ábhair a úsáidtear don innealra déanta bóithre agus nach n-úsáidtear chun aon chríche ach chun bóithre a dhéanamh nó a dheisiú.
  • Cairteacha dramhaíola, innill scuabtha nó innill spréite uisce nach n-úsáidtear ach chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh.
  • Otharcharranna, rollóirí bóthair nó innill dóiteáin.
  • Feithiclí a choinníonn údarás áitiúil agus nach n-úsáidtear ach chun críche a seirbhíse briogáide dóiteáin.
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha