Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Mótarcháin

Atheisiúint Doiciméad


RF134 – Cáipéisí Athsholáthair

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh leis an Oifig Mótarchánach ar cháipéis athsholáthair sa chás inar cailleadh, inar goideadh nó inar milleadh an cháipéis bhunaidh nó go ndearnadh damáiste di.

Is féidir cáipéis athsholáthair a fháil in áit na gceann seo thíos:

Cineál an Doiciméid Táille
Leabhar Cláraithe Feithicle €12
Deimhniú Clárúcháin Feithicle €12
Diosca Mótarchánach €6
Carr Leantóra €6

Íoslódáil agus comhlánaigh Foirm RF134 – Iarratas ar Athsholáthar Doiciméad, a dteastaíonn finné air agus stampa ag stáisiún Gardaí.

Tabhair faoi deara nach féidir iarratas a dhéanamh le hOifig Mótarchánach Mhaigh Eo ar cháipéisí athsholáthair ach le haghaidh feithiclí atá cláraithe i Maigh Eo.

Seol an fhoirm chomhlánaithe agus an íocaíocht chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil (i.e. Caisleán an Bharraigh, Béal an Átha nó Béal an Mhuirthead).

Caithfidh seiceanna/orduithe poist a bheith iníoctha le hOifig Mótarchánach Mhaigh Eo.

Is féidir foirm a iarraidh ar motortax@mayococo.ie freisin, nó trí dhul i dteagmháil linn ag an seoladh thíos chun cóip a iarraidh:

  • An Oifig Mótarchánach, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Glenpark, An Meal, Caisleán an Bharraigh. – Guthán: 094 9064310
  • An Oifig Mótarchánach, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Oifigí na Cathrach, Arran Place, Béal an Átha. – Guthán: 096 76100
  • An Oifig Mótarchánach, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Ionad Cathartha Bhéal an Mhuirthead, Church Road, Béal an Mhuirthead. – Guthán: 094 9064900
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha