Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Mótarcháin

Cáin a chur ar Fheithicil den chéad uair


Feithiclí Nua

Faoin dlí, caithfear mótarcháin a chur ar d’fheithicil má theastaíonn uait í a thiomáint in áit phoiblí. Is táille í mótarcháin a ghearrann an Rialtas ar mhótarfheithiclí áirithe. Is é príomhfhreagracht na hOifige Mótarchánach na hiarratais ar mhótarcháin a phróiseáil. Bailíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo mótarcháin thar ceann na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Braithfidh an chaoi a measúnófar d’fheithicil le haghaidh mótarchánach ar an gcineál feithicle atá agat. Déantar í a mheasúnú, mar shampla, ar bhonn:

  • Bandaí astaíochta CO2 i gcás carranna príobháideacha a cláraíodh ó mhí Iúil 2008 agus i gcás carranna príobháideacha a cláraíodh idir mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2008 a roghnaigh an cineál sin measúnaithe. (Ní bhaineann sé seo le hiompórtálacha athláimhe a cláraíodh thar lear roimh 2008)
  • Toilleadh innill (cc) i gcás carranna príobháideacha a cláraíodh roimh mhí Iúil 2008 agus feithiclí earraí príobháideacha ar nós veaineanna.
  • Meáchan gan ualach i gcás feithiclí earraí tráchtála (is é an meáchan gan ualach meáchan na feithicle nuair nach bhfuil aon earraí inti).
  • Carranna leictreacha nua-chláraithe a aicmíonn na Coimisinéirí Ioncaim mar fheithiclí chatagóir A, déantar cáin a ghearradh orthu leis an ráta astaíochtaí CO2, Banda A go hiondúil.
  • Gearrtar ráta bliantúil ar Ghluaisrothair agus Trírothaigh Leictreacha (gluaisrothair a bhfuil 2 agus 3 roth orthu).
  • Gearrtar ráta bliantúil ar Fheithiclí Earraí Leictreacha nach sáraíonn a meáchan gan ualach 1,500 kg. Gearrtar an gnáthráta earraí ar Fheithiclí Earraí Leictreacha a sáraíonn a meáchan gan ualach 1,500 kg.

Má tá tú ag cur iarratas faoi bhráid d’Oifige Mótarchánach áitiúla, teastaíonn ‘RF100 Foirm Iarratais Mótarchánach le hAghaidh Feithicle’. Beidh sé sin le fáil ón déileálaí mótair nó ón té ónar cheannaigh tú d’fheithicil nó ó NCT má iompórtáladh an fheithicil. Má tá tú ag déanamh iarratas ar mhótarcháin den chéad uair, caithfidh tú na cáipéisí seo a leanas a chur faoi bhráid d’Oifige Mótarchánach áitiúla:

  • RF100 (feithicil cé is moite de ghluaisrothar)  – PDF ANSEO
  • RF100 (gluaisrothar nua nó athláimhe) – PDF HERE
  • Táille chuí

Teastaíonn deimhniú faofa ó na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh tiománaí/paisinéara faoi mhíchumas freisin má tá díolúine ag an bhfeithicil ó mhótarcháin faoi na Rialacháin um Thiománaithe Míchumasaithe agus Paisinéirí Míchumasaithe (Lamháltais Chánach).

Athrú Úinéara

Má d’athraigh an úinéireacht roimh cháin a íoc den chéad uair, caithfidh an t-úinéir cláraithe atá ag díol na feithicle foirm RF100 a sheoladh chuig: An Roinn Iompair, Sionainn, Co. an Chláir.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha