Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Mótarcháin

Aisíocaíochtaí


Má theastaíonn uait cur isteach ar aisíocaíocht mótarchánach, caithfear Foirm RF120 a íoslódáil agus a líonadh isteach chomh maith le foirm Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun soláthraí a chlárú le haghaidh Aisíocaíochtaí Mótarchánach.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht ar mhótarcháin sna cásanna seo a leanas:

  • Rinneadh an fheithicil a bhriseadh/a mhilleadh. Tá gach feithicil paisinéirí/tráchtála ag a bhfuil ollmheáchan feithicle suas le 3,500 kg agus atá le briseadh/le milleadh faoi réir na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) 2006. Éilítear leis sin go gcaithfear fáil réidh leis an bhfeithicil ag Saoráid Chóireála Údaraithe. I gcás feithiclí nach bhfuil faoi réir na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) 2006, agus atá le briseadh/le milleadh, caithfear fáil réidh leo ag saoráidí díchóimeála feithiclí ag a bhfuil cead pleanála don obair sin. Sa dá chás sin, teastaíonn deimhniú ar an milleadh ar a bhfuil ainm agus seoladh an úinéara chláraithe, uimhir chláraithe na feithicle, dáta an mhillte agus deimhniú gur milleadh an fheithicil. I gcásanna ina ndéanann Árachóir feithicil a “dhíscríobh”, caithfidh an t-úinéir cláraithe an Deimhniú Clárúcháin Feithicle/an Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle/an Leabhar Cláraithe Feithicle a chur isteach leis an iarratas. Ach má ghéill an t-úinéir cláraithe an cháipéis cláraithe don Árachóir, ba cheart cóip den cháipéis a fháil ón Árachóir agus í sin a chur isteach leis an iarratas.
  • Goideadh an fheithicil agus níor éirigh leis an úinéir í a fháil ar ais. I gcásanna inar íoc úinéir feithicle goidte mótarcháin ar an bhfeithicil, agus nach raibh siad in ann an fheithicil a fháil ar ais ina dhiaidh sin, agus gur chloígh siad leis an ngnás cuí chun an goid a thuairisciú agus na foirmeacha riachtanacha a líonadh isteach chun sástacht na hOifige Mótarchánach – is féidir an mhótarcháin a aisíoc leis an úinéir i gcásanna inar ghlac an chuideachta árachais le húinéireacht na feithicle i rith phróiseáil éileamh árachais an úinéara.
  • Seoladh an fheithicil as an stát go buan (easpórtáladh í). Beidh gá le fianaise cháipéise a chur isteach faoi athchlárú na feithicle sa tír chinn scríbe. Cóip den cháipéis cláraithe le haghaidh na feithicle a d’eisigh an t-údarás cláraithe le haghaidh na Tíre ar easpórtáladh an fheithicil chuici.
  • Níor úsáideadh an fheithicil in áit phoiblí ag aon tráth ó eisíodh an diosca reatha di. Ní eiseofar aisíoc ach sa chás go gcuirtear an diosca ar ais sula dtosaíonn an tréimhse cánach. Caithfear an diosca a ghéilleadh díreach i ndiaidh an dáta eisiúna. Ba cheart don úinéir cláraithe Foirm RF150 a líonadh isteach freisin agus a chur chugainn i dteannta Fhoirm RF120 dár dtaifid.
  • Chuir úinéir na feithicle, mar gheall ar thinneas, gortú nó míchumas fisiciúil eile, deireadh le húsáid a bhaint as an bhfeithicil. Caithfear Teastas Dochtúra a chur isteach ina luaitear nach bhfuil tú in ann an fheithicil a úsáid mar gheall ar thinneas nó míchumas luaite ó dháta ar leith, go dtí dáta ar leith eile.
  • Chuir úinéir na feithicle, mar gheall ar asláithreacht ón stát ar mhaithe le cuspóirí gnó nó oideachais, deireadh le húsáid a bhaint as an bhfeithicil. Caithfidh an t-iarratasóir deimhniú neamhspleách i scríbhinn a chur ar fáil. Is leor litir ón gcomhlacht/ngnó oideachais cuí ar a bpáipéar ceannteidil go hiondúil, agus caithfear é a chur isteach sula bhfágtar an stát.
  • Chuir úinéir na feithicle, mar gheall ar sheirbhís thar lear le hÓglaigh na hÉireann, deireadh le húsáid a bhaint as an bhfeithicil. Ba cheart don úinéir litir a chur isteach óna nOifigeach Ceannais ina luaitear go mbeidh an t-úinéir ag dul thar lear ar seirbhís le hÓglaigh na hÉireann, agus caithfear dátaí sonracha a thabhairt.

Tabhair faoi deara:

  • Ní féidir plé le héileamh ar aisíocaíocht chúlghabhálach.
  • Caithfidh úinéir cláraithe na feithicle cur isteach ar an aisíocaíocht.
  • Caithfidh trí mhí ar a laghad de cháin nach bhfuil caite a bheith fágtha ar an diosca cánach ón dáta géillte.
  • Ní féidir iarratas ar aisíocaíocht a mheas má chosnaíonn an ceadúnas bliantúil €119 nó níos lú.

Ba cheart go n-áireofaí le d’iarratas comhlánaithe an diosca cánach reatha, Deimhniú Ceadúnaithe/Cláraithe Feithicle nó Leabhar Cláraithe Feithicle, chomh maith leis na cáipéisí riachtanacha eile ar fáil a phléitear i bhfoirm RF120, agus an fhoirm soláthraí chomhlánaithe. Caithfear iad a ghéilleadh láithreach toisc go ríomhtar aisíocaíochtaí ón gcéad lá den mhí i ndiaidh an diosca a ghéilleadh.

Seol chuig: An Oifig Mótarchánach, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Glenpark, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha