Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Mótarcháin

Deimhniú Ródacmhainneachta


Deimhniú Ródacmhainneachta

Eolas faoin Deimhniú Ródacmhainneachta, a theastaíonn le haghaidh feithiclí áirithe.

Teastaíonn Deimhniú Ródacmhainneachta le haghaidh feithiclí áirithe, eadhon:

  • Mótarcharbhán.
  • Feithiclí inneallghluaiste, atá cláraithe ar feadh bliain amháin nó níos mó, a úsáidtear chun paisinéirí a iompar ina bhfuil níos mó ná ocht suíochán, gan an tiománaí san áireamh, e.g. busanna.
  • Feithiclí earraí, atá cláraithe ar feadh bliain amháin nó níos mó, ag a bhfuil ollmheáchan dearaidh feithicle nach mó ná 3,500 kg (le tástáil mar fheithiclí earraí éadroma).
  • Feithiclí agus leantóirí earraí, atá cláraithe ar feadh bliain amháin nó níos mó, ag a bhfuil ollmheáchan dearaidh feithicle níos mó ná 3,500 kg (le tástáil mar fheithiclí earraí troma).
  • Otharcharranna agus na feithiclí éigeandála uile, atá cláraithe ar feadh bliain amháin nó níos mó.
  • Feithiclí tarrthála.
  • Ceardlanna taistil nó feithiclí a ngearrtar cáin orthu in aicme cánach na gceardlann taistil ag a bhfuil cineál cabhlach a aicmítear mar veain.

Teastaíonn Deimhniú Ródacmhainneachta reatha le haghaidh feithiclí atá os cionn bliain d’aois. Mura bhfuil Deimhniú Ródacmhainneachta ar fáil, caithfear an fheithicil a thástáil ag ionad tástála cuí.

Eiseofar Deimhniú Ródacmhainneachta sa phost d’aon fheithicil a thástáiltear i ndiaidh an 30 Meán Fómhair 2013.

Mura bhfuil Deimhniú Ródacmhainneachta reatha agat le haghaidh feithicle atá in aon cheann de na catagóirí thuasluaite, ní féidir leat cáin a íoc ar an bhfeithicil sin. Caithfidh tástálaí údaraithe an fheithicil a thástáil. Beidh liosta de na tástálaithe údaraithe i do cheantar féin ar fail ó d’oifig mótarchánach áitiúil.

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur féidir Deimhniú Ródacmhainneachta a thaifeadadh in aghaidh feithicle, beag beann ar an aicme chánach.

Is cion faoi Alt 18 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 é mura mbíonn Deimhniú Ródacmhainneachta reatha agat. Má chúisítear duine as an gcion sin, gearrfar cúig phointe pionóis orthu agus d’fhéadfadh na cúirteanna fíneáil suas le €3,000 agus/nó téarma príosúnachta suas le trí mhí a ghearradh orthu.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha