Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Mótarcháin

Dearbhú nach bhfuil Feithicil ar an mBóthar


Mura bhfuil d’fheithicil ar an mbóthar ar feadh tréimhse shealadach, ní gá duit mótarcháin a íoc as an tréimhse sin. Caithfidh tú dearbhú a dhéanamh sula mbaintear d’fheithicil den bhóthar.

Chun é sin a dhéanamh, caithfear Foirm RF150: Dearbhú um Neamhúsáid Mótarfheithicle – PDF ANSEO a chomhlánú agus a chur chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil, nó is féidir é a dhéanamh ar líne ar www.motortax.ie sa mhí chéanna a théann do dhiosca mótarchánach reatha in éag.

Is féidir an fheithicil a bhaint den bhóthar ar feadh trí mhí ar a laghad agus 12 mhí ar a mhéad.

I gcás go gceannaítear feithicil, caithfear Foirm RF150 a chur faoi bhráid na hOifige Mótarchánach laistigh de 21 lá den dáta díolta. I gcás go n-iompórtáiltear feithicil, caithfear Foirm RF150 a chur faoi bhráid na hOifige Mótarchánach laistigh de 21 lá den dáta a gcláraítear an fheithicil sa stát. Ar an gcaoi chéanna, caithfear fógra a thabhairt faoi fheithicil úrnua laistigh de 21 lá ón dáta cláraithe.

Sa chás ina dtéann feithicil ar ais ar an mbóthar am ar bith i rith na tréimhse nach bhfuil sí le bheith ar an mbóthar, is féidir íoc as an ngnáthcháin di ar an gcéad lá den mhí; cuirfidh sé sin deireadh leis an tréimhse neamhúsáide.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha