Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Teorainneacha Ioncaim


Tá méadú €5,000 tagtha ar na bandaí cáilitheachta ioncaim tithíochta sóisialta le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

De bhun Alt 20(2) d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009, nuair a chuireann teaghlach isteach ar thacaíocht tithíochta sóisialta, tabharfaidh an t-údarás tithíochta atá i gceist, faoi réir agus i gcomhréir le rialacháin a rinneadh chun críocha an ailt seo, faoi mheasúnú (dá dtagraítear san Acht seo mar “measúnú tithíochta sóisialta”) ar cháilitheacht agus ar riachtanas an teaghlaigh tacaíocht tithíochta sóisialta a fháil ar mhaithe leis na rudaí seo a leanas a dheimhniú:

  • (a) cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an teaghlach cáilithe leis an tacaíocht sin a fháil, agus
  • (b) an fhoirm oiriúnach den tacaíocht siúd don teaghlach sin.

Cuirtear an méid seo a leanas in iúl duit:

  • Is féidir le teaghlaigh a rinneadh a mheasúnú roimhe seo agus ar measadh nach gcáilítear iad ar fhorais ioncaim d’iarratas a dhéanamh athuair ar mheasúnú faoi na tairseacha nua.
  • Déanfaidh teaghlach ar athbhreithníodh a n-iarratas idir an 18 Samhain 2021 agus an 31 Nollaig 2022, agus a baineadh ón liosta feithimh tithíochta sóisialta mar gheall gur sháraigh siad na tairseacha a bhí i bhfeidhm ag an tráth sin, agus a dhéanann iarratas athuair ina dhiaidh sin agus a mheastar atá incháilithe faoin tairseach leasaithe, an t-am a choinneáil a chaith siad agus chaithfidís ina dhiaidh sin dá bhfágfaí ar an liosta tithíochta iad.

Leanfaidh na socruithe seo de bheith i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2023.

Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil, le do thoil, le d’Oifig Tithíochta Áitiúil

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha