Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Iarratas a dhéanamh ar Thithíocht Shóisialta


Tithíocht Shóisialta 

Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo is mó a chuireann cóiríocht ar fáil do dhaoine a bhfuil tithíocht de dhíth orthu. Caithfidh fíorghá tithíochta a bheith agat agus caithfidh nach féidir leat cóiríocht a sholáthar ó d’acmhainní féin. Caithfidh Comhairle Contae Mhaigh Eo glacadh leat mar dhuine a bhfuil gá acu le tithíocht. Leithdháiltear tithe ar iarratasóirí in ord tosaíochta agus gach cúinse á chur san áireamh. Is féidir teacht ar eolas breise faoi Scéim Leithdháilte Chomhairle Contae Mhaigh Eo anseo

Cad a tharlaíonn nuair a dhéanaim iarratas? 

Má mheasann Comhairle Contae Mhaigh Eo go bhfuil gá agat le tacaíocht thithíochta sóisialta, cuirfear thú ar ár liosta feithimh tithíochta. Faoi mar a chuirtear áiteanna cónaithe ar fáil le ligean ar cíos, leithdháilfear iad ar iarratasóirí ón liosta feithimh de réir scéim tithíochta sóisialta na Comhairle agus na cúinsí ábhartha go léir á gcur san áireamh. 

Is féidir leat trí cheantar ar mhaith leat cónaí iontu a shonrú ach ba cheart duit an méid seo a chur san áireamh: má roghnaíonn tú ceantar a bhfuil tóir mhór air, tá seans ann go mbeifeá ag fanacht níos faide ar thairiscint tithíochta ná mar a bheadh dá roghnófá ceantar a bhfuil tóir níos lú air. 

Má thairgtear teach duit nach bhfuil ag teastáil uait, is féidir leat diúltú dó. É sin ráite, má dhiúltaíonn teaghlach do thairiscint réasúnta tithíochta sóisialta faoi dhó thar thréimhse 12 mhí, cuirfidh an t-údarás tithíochta as an áireamh é le háit chónaithe a leithdháileadh air ar feadh tréimhse bliana. 

Cóiríocht gan troscán í tithíocht údaráis áitiúil. Má thairgtear teach údaráis áitiúil duit tá seans go mbeifeá i dteideal cúnamh a fháil ón tseirbhís leasa pobail. Déan teagmháil leis an Oifigeach Leasa Pobail le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis seo. 

https://www.hse.ie/eng/services/list/4/olderpeople/carersrelatives/community-welfare-services-.html 

Conas a dhéanaim iarratas ar Thithíocht Shóisialta? 

Líon an Fhoirm Iarratais ar Thithíocht Shóisialta agus seol ar ais í chuig an oifig tithíochta i do cheantar áitiúil. Is féidir an Fhoirm Faisnéise Míchumais nó Leighis a íoslódáil anseo

Is féidir Treoir atá Éasca le Léamh maidir leis an bhFoirm Iarratais ar Thithíocht Shóisialta a líonadh a íoslódáil anseo i mBéarla agus i nGaeilge

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha