Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

An Scéim Cheannaigh (Incrimintigh) Thionónta


In Eanáir 2016 tháinig an Scéim Ceannaigh Incrimintigh do Thionóntaí i bhfeidhm le haghaidh tithe Údaráis Áitiúil atá ann faoi láthair.

Más tionónta de chuid an Údaráis áitiúil thú atá ag cur fút i dteach de chuid an údaráis áitiúil atá ar fáil le díol faoin scéim, agus má chomhlíonann tú na critéir teidlíochta, is féidir leat do theach a cheannach.

Tá roinnt cineálacha tí agus feidhmeanna tithíochta nach bhfuil incháilithe faoin scéim. Áirítear leis sin:Árasáin, (tá scéim ceannaigh ar leith d’árasáin i bhfeidhm)

  • Tithe a dearadh go sonrach le haghaidhdaoine scothaosta
  • Tithe a dearadh go sonrach i timpeallacht ghrúpa go bhféadfadh baill den Lucht Taistil cónaí iontu agus
  • Tithe i bhforbairt phríobháideach a d’aistrigh an forbróir chuig an údarás áitiúil

Rialacha

  • Is féidir le tionóntaí de chuid an údaráis áitiúil atá cuimsithe faoin scéim iarratas a dhéanamh ach ní mór dóibh cineál éigean forlíonadh tithíochta sóisialta a bheith á fháil acu ar feadh bliana ar a laghad. Ní mór dóibh oll-ioncam bliantúil íosta a bheith acu, arna dhearbhú ag an údarás áitiúil de réir rialacha na scéime.
  • Íocfaidh tú luach margaidh an tí – lúide lascaine.
  • Ag brath ar ioncam, is lascainí arbh fhiú idir 40% agus 60% iad a bheidh i gceist.
  • Gearrfaidh d’údarás áitiúil táille ar do theach chomh maith ar a dtugtar ‘táille ceannaigh incrimintigh’. Beidh an táille cothrom leis an lascaine a gheobhaidh tú ar phraghas an tí.
  • Beidh an táille i bhfeidhm ar feadh 20, 25 nó 30 bliain (ag brath ar an lascaine a tugadh).
  • Gach bliain, laghdóidh na t-údarás áitiúil an táille faoi 2%. Ag deireadh na 20, 25 nó 30 bliain, beidh an táille cothrom le neamhní ar an gcoinníoll go gcloíonn tú le téarmaí agus coinníollacha na scéime.
  • Ní mór duit cónaí sa teach mar do ghnátháit chónaithe agus aontú a fháil ó d’údarás áitiúil más mian leat an teach a dhíol, a ligean nó a fholigean.
  • Beidh tú ábalta do theach a athdhíol am ar bith má aontaíonn d’údarás áitiúil.  Mar sin féin, má dhíolann tú an teach roimh dheireadh na 20, 25 nó 30 bliain beidh ort luach na táille amuigh ar do theach a íoc le d’údarás áitiúil.
  • Cosúil le gach úinéir tí, beidh tú freagrach as do theach a chothabháil agus as deisiúcháin a dhéanamh air ón dáta a cheannaíonn tú é.  Beidh ort árachas maoine iomchuí a fháil agus a choinneáil ar do theach - agus íoc as sin tú féin.
  • Féadfaidh an t-údarás áitiúil a dhiúltú an teach a dhíol i gcúinsí áirithe, mar shampla má bhíonntionóntaí nó baill teaghlaigh páirteach in iompar frithshóisialta nó má tá riaráistí cíosa acu.
  • I Rialacháin Tithíochta (Díol Tithe Údaráis Áitiúil) 2015 (nasc seachtrach), leagtar amach na coinníollacha maidir le tithe údaráis áitiúil a dhíol.

Déan teagmháil linn le haghaidh tuilleadh eolais.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha