Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC)


Tionscnamh is ea an Scéim um Chóiríocht ar Cíos a tugadh isteach chun freastal ar riachtanais chóiríochta daoine atá ag fáil Forlíonadh Cíosa ar feadh tréimhse níos faide ná 18 mí agus a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu (seachas mic léinn nó lucht iarrtha tearmainn nó daoine nach náisiúnaigh Éireannacha iad agus nach bhfuil cead acu fanacht go buan sa Stát). Is iad na hÚdaráis Áitiúla atá ag riar na scéime a ceapadh chun cóiríocht ar cíos ar ardchaighdeán a sholáthar do dhaoine cáilithe agus chun cur le cumas na n‑údarás áitiúil freagairt do riachtanais tithíochta fhadtéarmacha.

Ceisteanna Coitianta


  • Céard iad na gnéithe is tábhachtaí den scéim seo?

    Faoi RAS, rachaidh na húdaráis áitiúla i mbun conarthaí le soláthróirí cóiríochta chun rochtain ar chóiríocht phríobháideach ar cíos a chinntiú sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

    Cé gur féidir leis na húdaráis dul i mbun cineálacha éagsúla conarthaí [féach thíos], beidh na gnéithe seo a leanas le sonrú i ngach conradh

    • Íocfaidh an t-údarás áitiúil an cíos iomlán leis an tiarna talún thar ceann an tionónta
    • Is faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 a rialófar an caidreamh idir an tionónta agus an tiarna talún
    • Is gá don tiarna talún a bheith cáin-chomhlíontach
    • Is gá go gcomhlíonfaidh an réadmhaoin na híoschaighdeáin le haghaidh cóiríocht phríobháideach ar cíos de réir mar a chineann an t‑údarás áitiúil
    • Ní mór don tiarna talún a bheith cláraithe leis an mBord um Tionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha, nó is gá dó nó di aontú clárú agus an fhoirm atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird a chomhlánú.
  • Cén chaoi a n-oibríonn RAS?

    Faoi RAS, bíonn caidreamh idir na comhpháirtithe seo a leanas:

    • An t-údarás áitiúil agus an tiarna talún 
    • An tiarna talún agus an tionónta
    • An tionónta agus an t-údarás áitiúil.

    De ghnáth, déanann an t-údarás áitiúil iarracht dul i mbun conartha le soláthróir na cóiríochta chun cóiríocht a chur ar fáil faoi RAS ar feadh téarma comhaontaithe (féadfaidh cconarthaí de chineálacha éagsúla a bheith ann). Déanfaidh na comhpháirtithe idirchaibidlíocht eatarthu féin faoin gconradh.   

    D’fhéadfadh réadmhaoin nuathógtha nó réadmhaoin a bhí ann cheana a bheith i gceist faoi RAS. Déanfaidh an t‑údarás áitiúil an cíos a ráthú don tiarna talún thar ceann an tionónta agus tabharfaidh sé gealltanas an íocaíocht iomlán a dhéanamh leis an tiarna talún.

    Ansin, ainmneoidh an t-údarás áitiúil faighteoir le haghaidh na cóiríochta sin faoi RAS agus síneoidh an duine sin comhaontú tionónta leis an tiarna talún. Is féidir leis an údarás tionónta a ainmniú atá sa réadmhaoin lena mbaineann cheana féin, atá ag fáil forlíonadh cíosa agus atá i dteideal RAS. Beidh an t‑údaráis áitiúil ina chomhpháirtí leis an gcomhaontú mar ráthóir an chíosa.

    Ar deireadh, comhaontóidh an faighteoir agus an t-údarás áitiúil go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil íocaíochtaí don tiarna talún thar ceann an tionónta.

  • Liúntais Fororlíonta Cíosa

    Má tá tú i do chónaí i dtithíocht phríobháideach ar cíos in Éirinn agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh nó íocaíocht ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fáil agat, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal forlíonadh cíosa.

    Is í an Roinn Coimirce Sóisialta a riarann an scéim faoin Scéim um Liúntas Forlíontach Leasa. Cuireann Faisnéis do Shaoránaigh sonraí faoi Fhorlíonadh Cíosa ar fáil ar a shuíomh gréasáin chomh maith le treoir chuimsitheach maidir le teach a thógáil ar cíos in Éirinn.

    Faoiseamh cánach ar chíos

    Mura bhfuil tú i dteideal forlíonadh cíosa, d’fhéadfá a bheith i dteideal faoiseamh cánach ioncaim ar cháin a d’íoc tú ar chóiríocht phríobháideach. B’fhéidir go mbeifeá in ann an faoiseamh a fháil ar áitribh lasmuigh d’Éirinn freisin. Téigh i dteagmháil le d’oifig cánach áitiúil chun cur isteach air.

  • Cén chaoi a socrófar leibhéal an chíosa?

    Socrófar leibhéal an chíosa trí mheán idirchaibidlíocht idir an tiarna talún agus an t-údarás áitiúil. Beidh an cíos ina léiriú ar dhálaí margaidh áitiúla.

    Ní fhéadfaidh an cíos a bheith níos mó ná leibhéal an chíosa a íoctar de réir liúntas leasa shóisialaigh an fhorlíonta chíosa a íoctar sa cheantar, a bhraitheann ar chineál an teaghlaigh (tuismitheoirí aonair, méid an teaghlaigh etc). Beidh na leibhéil chíosa sin ina n-uasteorainneacha agus idirchaibidlíocht ar siúl idir na húdaráis áitiúla agus tiarnaí talún.

    Mar sin féin, féadfaidh an t-údarás áitiúil laghdú ar an leibhéal cíosa a iarraidh i bhfianaise na ngnéithe seo a leanas a bhaineann le RAS:

    • Níl gá don tiarna talún cíos a bhailiú ar feadh thréimhse chonradh RAS
    • Ní gá don tiarna talún folúntais a líonadh (is é sin, an folúntas a fhógairt agus tionontaí ionchasacha a chur faoi agallamh) ar feadh thréimhse an chonartha
    • Tá an meántoradh a thuilltear san earnáil cíosa príobháideach níos lú ná bliain iomlán chíosa de dheasca folúntas agus athrú tionontaí
    • Is sócmhainn iontaofa ó thaobh brabúis í íocaíocht sheasta chíosa RAS agus
    • Íocann gníomhaireacht stáit cíos go pras.
  • Faisnéis do Thiarnaí Talún

    Tionscnamh is ea an Scéim um Chóiríocht ar Cíos a tugadh isteach chun freastal do riachtanais chóiríochta daoine atá ag fáil Forlíonadh Cíosa ar feadh tréimhse níos faide ná 18 mí agus a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu (seachas mic léinn nó lucht iarrtha tearmainn nó daoine nach náisiúnaigh Éireannacha iad agus nach bhfuil cead acu fanacht go buan sa Stát). Is iad na hÚdaráis Áitiúla atá ag riar na scéime a ceapadh chun cóiríocht ar cíos ar ardchaighdeán a sholáthar do dhaoine cáilithe agus chun cur le cumas na n údarás áitiúil freagairt do riachtanais tithíochta fhadtéarmacha.

  • Cén cineál conarthaí a bheidh ann idir an tiarna talún/an ghníomhaireacht agus an t-údarás áitiúil?

    Tá múnlaí ceaptha dúinn le húsáid faoin scéim agus beidh siad sin ina mbunús leis an idirchaibidlíocht a dhéanfar idir an tiarna talún agus an t‑údarás áitiúil.

    Socraítear conarthaí éagsúla idir tiarnaí talún/forbróirí agus údaráis áitiúla agus tionontaí faoi RAS. Tagann na conarthaí seo faoi thrí chatagóir éagsúla den chuid is mó: 

    • Conarthaí bunaithe ar infhaighteacht a shocraítear idir tiarnaí talún agus údaráis áitiúla chun cóiríocht mheántéarmach nó fhadtéarmach a fháil. Bíonn ceart ainmniúcháin ag údaráis áitiúla faoi na conarthaí seo.
    • Socruithe de réir tionóntachta a dhéantar le tiarnaí talún chun riachtanais chóiríochta ghearrthéarmacha a shásamh. Ráthaíonn an t‑údarás áitiúil an íocaíocht chíosa le haghaidh na tréimhse arb ann don tionóntacht lena mbaineann.
    • Socruithe idir forbróirí agus údaráis áitiúla chun fáil fhadtéarmach ar chóiríocht a ráthú. Is socruithe de chineál Comhpháirtíochta Poiblí-Príobháidí nó socruithe i gcomhréir le Cuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 iad seo.

    Bunaítear socruithe idir tiarnaí talún, tionontaí agus údaráis áitiúla ar chonarthaí caighdeánacha. Leagfar amach freagrachtaí na gcomhpháirtithe sa chonradh lena mbaineann. Faoi réir paraiméadair ar leith, beidh na húdaráis áitiúla in ann idirchaibidlíocht a dhéanamh maidir leis na coinníollacha faoina gcuirfidh soláthróirí cóiríochta a n-áitribh ar fáil faoi RAS. Cuirfidh na húdaráis áitiúla tuilleadh eolais ar fáil do thiarnaí talún ionchasacha maidir leis an gcineál conartha ba mhian leo a shocrú.

  • Caidreamh idir an tiarna talún agus an tionónta agus freagrachtaí an tiarna talúin

    Is idir an tiarna talún agus iarfhaighteoirí an fhorlíonta cíosa atá an príomhchaidreamh “tionónta agus tiarna talún”. Gníomhóidh an t-údarás áitiúil mar bhróicéir nó gníomhaire thar ceann an tionónta.

    Mar sin, beidh an tiarna talún fós freagrach as an méid seo a leanas:

    • Árachas – réadmhaoin, maoin an tiarna talún agus dliteanas poiblí
    • Gnáthchothabháil agus gnáthdheisiúcháin trealaimh agus trealamh nua a fháil más gá
    • Sáruithe ar oibleagáidí an tionontaí don tiarna talún a láimhseáil má thagann siad chun cinn
  • Éarlaisí agus damáiste don réadmhaoin

    Ní íoctar éarlaisí faoi RAS toisc go mbíonn conradh idir an tiarna talún agus an t-údarás áitiúil. Mar sin féin, i gcás ina ndéantar damáiste don réadmhaoin ar mó ná caitheamh agus cuimilt é, féadfaidh an t-údarás áitiúil suim is ionann  agus cíos míosa a ráthú le haghaidh chostas an deisiúcháin, má tá an t‑údarás sásta amhlaidh a dhéanamh. Bheadh mionsonraí aon socraithe den chineál sin faoi réir idirchaibidlíochta.

  • Cén chaoi ar féidir liom páirt a ghlacadh i RAS?

    Rachaidh an t-údarás áitiúil i dteagmháil le tiarnaí talún a bhfuil tionontaí acu atá i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh an fhorlíonta cíosa. Tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i RAS, má chomhlíonann siad na critéir incháilithe.

    Tá na tionontaí uile atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh an fhorlíonta cíosa le haistriú go RAS. I gcás nach bhfuil a dtiarnaí talún ag iarraidh páirt a ghlacadh i RAS, gheofar réadmhaoin eile dóibh.

    Mura bhfuil tionónta agat atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh an fhorlíonta cíosa ach más maith leat páirt a ghlacadh i RAS, seol do shonraí teagmhála agus sonraí faoi do réadmhaoin (seoladh, líon seomraí leapa etc) chuig:

    An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS)
    Comhairle Contae Mhaigh Eo
    Teach an Choláiste
    Bóthar an Stáisiúin
    Béal Átha na Muice
    Contae Mhaigh Eo
    F12 V126 

    Teil: 094 9064510 
    Ríomhphost: ras@mayococo.ie

  • Faisnéis d’fhaighteoirí RAS

    Is do dhaoine atá ag fáil forlíonadh cíosa, le níos mó ná 18 mí anuas de ghnáth, agus a bhfuil tithíocht fhadtéarmacha uathu, an scéim seo. Is iad na húdaráis áitiúla atá á riar. Faoin scéim, soláthrófar cóiríocht bhreise ar ardchaighdeán ar cíos do dhaoine atá ag fáil forlíonadh cíosa agus beidh sí ina cuidiú do na húdaráis áitiúla agus iad ag soláthar tithíocht fhadtéarmach dóibh siúd a bhfuil sí tithíocht uathu.

  • Cén chaoi a n-oibreoidh RAS do na faighteoirí?

    Faoi RAS, cuideoidh d’údarás áitiúil leat cóiríocht oiriúnach a aimsiú agus íocfaidh sé cíos go díreach le do thiarna talún. Rannchuideoidh tú leis an gcíos freisin ach íocfaidh tú leis an gComhairle Contae é agus ní le do thiarna talún. Féadfar do ranníocaíocht a bhunú ar scéim cíosa dhifreálaigh d’údaráis áitiúil.

  • Cén chaoi a rachaidh an SCC chun sochair duit?

    Tabharfar cinnteacht cóiríochta fhadtéarmach duit faoi scéim seo. Beidh rochtain agat freisin ar réimse tacaíochtaí tithíochta. Tiocfaidh feabhas ar chaighdeáin na cóiríochta príobháidí ar cíos freisin de bharr RAS. Lena chois sin, má fhaigheann tú post is féidir leat fanacht sa scéim ach beidh ort rannchuidiú níos mó a íoc.

  • An bhfuil mé i dteideal RAS?

    Cáileoidh tú don scéim má fhaigheann tú forlíonadh cíosa faoin Scéim um Liúntas Leasa Forlíontach agus má tá an t-údarás áitiúil tar éis a mheas go bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach agat. Leanfaidh daoine a bhfuil riachtanas gearrthéarmach acu d’fhorlíonadh cíosa a fháil.

  • Cé nach gcáilíonn do RAS?
    • Iarrthóirí tearmainn
    • Daoine nach náisiúnaigh Éireannaigh iad nach bhfuil cead acu fanacht sa Stát go buan
    • Daoine atá ag fáil an Liúntais chun Filleadh ar an Oideachas
  • An mbeidh orm bogadh go dtí cóiríocht nua?

    Déanfaidh na húdaráis áitiúla socruithe le tiarnaí talún príobháideacha chun cóiríocht a chur ar fáil ar bhonn meántéarmach nó fadtéarmach. Féadfaidh tú aistriú go RAS agus fanacht sa chóiríocht atá agat anois faoi réir na gcoinníollacha seo:

    Mura gcomhlíontar na coinníollacha sin, tairgfidh an t-údarás áitiúil cóiríocht nua duit. 

  • Cén uair a gheobhaidh mé cóiríocht?

    A luaithe is féidir. Féadfaidh sé seo tarlú go tapa i gcásanna áirithe ina bhfuil cóiríocht oiriúnach ar fáil don údarás áitiúil. Mura bhfuil cóiríocht oiriúnach ar fáil, déanfaidh an t-údarás áitiúil gach uile iarracht teach a fháil duit chomh luath agus is féidir. Idir an dá linn, féadfaidh tú fanacht sa chóiríocht ina bhfuil tú agus forlíonadh cíosa a fháil fad is atá tú fós incháilithe.

  • An féidir liom tairiscint chóiríochta a dhiúltú?

    Má thairgtear cóiríocht duit faoi RAS, féadfaidh tú í a dhiúltú. Mar sin féin, má dhiúltaíonn tú dhá thairiscint chóiríochta le linn tréimhse ar leith, ní bheidh tú i dteideal forlíonadh cíosa ar feadh tréimhse 12 mhí. Cinnteoidh d’údarás áitiúil go gcomhlíonann aon chóiríocht a thairgtear duit do chuid riachtanas agus a chuid caighdeáin tithíochta.

  • An gcuireann RAS as do mo chuid cearta faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004?

    Faoi Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, déantar cosaint ar chearta tionontaí san earnáil phríobháideach cíosa tar éis tréimhse sé mhí. Ní bheidh tionchar ag RAS ar do chearta faoin dlí seo.

  • Déan teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil

    An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS)
    Comhairle Contae Mhaigh Eo
    Teach an Choláiste
    Bóthar an Stáisiúin
    Béal Átha na Muice
    Contae Mhaigh Eo
    F12 V126

    Teil: 094 9064510
    Ríomhphost: ras@mayococo.ie

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha