An Scéim Deontais maidir le Bloic Choincréite Lochtacha
Táimid ag glacadh le hiarratais anois faoin Scéim Deontais maidir le Bloic Choincréite Lochtacha, scéim lena gcuirtear cúnamh airgeadais ar fáil d’úinéirí tí lena mbaineann i gContae Mhaigh Eo.
Faoin scéim deontais seo, ní féidir le húinéirí tí iarratas a dhéanamh ach i leith aon tí amháin, agus ní féidir ach deontas amháin a fháil do theach ar bith. Úinéir Amháin, Áitreabh Amháin – Áitreabh Amháin, Deontas Amháin a thugtar air seo.
Tá tuilleadh eolais agus treoracha ar fáil thíos maidir le cén chaoi d’fhoirm iarratais a íoslódáil.
Eolas faoin scéim deontais
Eolas faoin Scéim Deontais maidir le Bloic Choincréite Lochtacha
-
Feidhm na Scéime Deontais
Leis an Scéim Deontais maidir le Bloic Choincréite Lochtacha, cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil d’úinéirí tí chun a n-áitreabh a dheisiú, i gcás ina ndearnadh damáiste dó le bloic choincréite lochtacha a úsáideadh lena thógáil.
Is scéim na rogha deirí í an scéim deontais d’úinéirí tí nach bhfuil aon rogha phraiticiúil eile ar fáil dóibh chun an n-áitreabh a dheisiú.
Déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo an scéim a oibriú agus a riaradh.
-
Cé leis a mbaineann an scéim deontais?
Tá feidhm ag an scéim deontais seo maidir le húinéirí áitribh, arb áitribh iad a bhfuil damáiste tromchúiseach déanta dóibh de dheasca bloic choincréite lochtacha a bhfuil an iomarca ábhair dhochracha iontu, míoca nó pirít go príomha.
Faoin scéim deontais seo, ní féidir le húinéirí tí iarratas a dhéanamh ach i leith aon tí amháin, agus ní féidir ach deontas amháin a fháil do theach ar bith ( Úinéir Amháin, Áitreabh Amháin – Áitreabh Amháin, Deontas Amháin).
Is gá gur príomháit chónaithe príobháideach an iarratasóra é an t‑áitreabh.
-
Cén chaoi a mbeadh a fhios agam go bhfuil damáiste ar mo theach?
Tá tuairisc innealtóra arna déanamh i gcomhréir le I.S. 465:2018 de dhíth chun a léiriú go ndearnadh damáiste do d’áitreabh. Ní mór duit innealtóir a fháil bhfuil an taithí phroifisiúnta chuí agus saintraenáil aige nó aici chun an tuairisc a dhéanamh. Is féidir teacht ar lios de na hinnealltóirí sin anseo.
Ar Chlár I.S. 465:2018, liostaítear innealtóirí cairte a bhfuil an taithí phroifisiúnta dhíreach, an inniúlacht agus an saintraenáil acu i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in 'I.S. 465:2018 - Measúnú, tástáil agus rangú foirgneamh damáistithe lena n-áirítear bloic choincréite ina bhfuil ábhair dhochracha ar leith’
-
Céard é IS 465:2018?
Bhunaigh an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann Coiste Teicniúil chun raon feidhme a chinneadh d’fhorbairt prótacail chaighdeánaithe agus chun forbairt an phrótacail sin a bhrostú. Leis an bprótacal caighdeánaithe, cuirtear bonn eolais faoi na cinntí a dhéantar a bhaineann le hoibriúcháin deisiúcháin na n-áitreabh lena mbaineann.
D'fhoilsigh an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann an prótacal caighdeánaithe an 13 Samhain 2018. Tá 'I.S. 465:2018 - Measúnú, tástáil agus rangú foirgneamh damáistithe lena n-áirítear bloic choincréite ina bhfuil ábhair dhochracha ar leith’ ar fáil ag www.nsai.ie
Is féidir an caighdeán a úsáid chun an damáiste a mheas agus a rangú a rinneadh in áitribh ina bhfuil bloic choincréite a meastar go bhfuil míoca nó pirít iontu. Roimhe seo, ní raibh aon bhealach coiteann ag innealtóirí ná ag úinéirí tí chun measúnú a dhéanamh ar an damáiste a rinneadh le bloic choincréite lochtacha, rud a bhí ag teastáil uathu chun cinneadh a dhéanamh faoi obair dheisiúcháin.
Sa chaighdeán seo:
Bunaítear prótacal chun measúnú a dhéanamh agus chun a chinneadh cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh damáiste d’fhoirgneamh le bloic choincréite lochtacha a bhfuil méid iomarcach áirithe ábhar dochrach iontu (míoca moscóíte cuimsithe nó éaguimsithe, nó tathagú a bhfuil cainníocht piríte ann a d’fhéadfadh a bheith dochrach);
Déantar cur síos ar mhodhanna chun fairsinge na faidhbe a mheas
Déantar cur síos ar raon feidhme aon tástála atá de dhíth; agus
Déantar foirgnimh a rangú, i gcomhréir leis an gcaighdeán, agus tugtar treoir do dhaoine inniúla maidir leis na bearta cuí atá le déanamh
-
Céard iad costais atá clúdaithe faoin scéim deontais seo?
Faoin scéim seo, clúdaítear suas le 90% de na costais a bhaineann leis na oibriúcháin incháilithe a dhearbhaítear go bhfuil gá leo le haghaidh dheisiú an áitribh lena mbaineann (faoi réir na dteoireannacha uasta). Áirítear na costais seo a leanas sna costais sin:
- Tuairisc an innealtóra
- Ullmhú oibriúchán deisiúcháin déanta ag innealtóir inniúil
- Oibriúcháin deisiúcháin déanta ag conraitheoir
- Forbhreathnú proifisiúnta ar na hoibriúcháin deisiúcháin, lena n-áirítear imscrúdú agus deimhniú.
-
Cén luach deontais atá ar fáil?
Is é an méid deontas uasta is féidir a íoc ha haghaidh gach rogha deisiúcháin ná 90% den chostas iomlán faofa, nó 90% de chostais iarbhír na n‑oibriúcháin incháilithe arna ndéanamh, pé acu is lú (féach Tábla 1 a leanas). Beidh an t‑úinéir tí i dteideal cur isteach ar íocaíochtaí deontais i gcéimeanna, de réir mar a théann na hoibriúcháin deisiúcháin ar aghaidh.
Tábla 1 - Méid an deontais iníoctha de réir rogha dheisiúcháin
Rogha dheisiucháin
Cur síos ar an rogha dheisiúcháin
Costas faofa uasta (féach Nóta 1 thíos)
Deontas uasta iníoctha (féach Nóta 1 agus 2 thíos)
Rogha 1
Leagan an áitribh iomláin go fotha agus é a atógáil.
€275,000
€247,500
Rogha 2
Ballaí seachtracha a leagan go fotha agus a atógáil (lannóga laistigh agus lasmuigh araon) ar bhonn céimnitheach, agus a ath‑rindreáil.
€220,000
€198,000
Rogha 3
Ballaí seachtracha a leagan go barr na mballaí éiritheacha
agus a atógáil (lannóga laistigh agus lasmuigh araon) ar bhonn céimnitheach, agus a ath‑rindreáil.
€210,000
€189,000
Rogha 4
Ballaí seachtracha a leagan go barr na mballaí éiritheach agus a atógáil (lannóga lasmuigh amháin) ar bhonn céimnitheach, agus a ath‑rindreáil.
€75,000
€67,500
Rogha 5
Lannóga seachtracha lasmuigh na mballaí ábhartha a leagan agus a ath‑rindreáil.
€55,000
€49,500
Nóta:
1. Áirítear cáin bhreisluacha i ngach costas.
2. Ní bheidh méid an deontais níos mó ná 90% den chostas faofa uasta ná 90% den chostas iarbhír na n-oibriúchán incháilithe, pé acu is lú.
-
Próiseas do Scéim Deontais um Bhloic Choincréite Lochtacha
Tá trí chéim sa scéim deontais seo :
Céim 1: Dearbhú incháilitheachta
Ní mór d’úinéirí tí an méid seo a leanas a dhéanamh chun cur isteach ar an scéim:
an fhoirm iarratais le haghaidh Chéim 1 (dearbhú incháilitheachta) a chomhlánú; agus
tuairisc chríochnaitheach innealtóra ó innealtóir ar Chlár I.S.465: 2018 a chur ar fáil mar fhianaise ar an damáiste a rinneadh don áitreabh
Má bhíonn an t-údarás áitiúil sásta leis an méid a chuirtear isteach, dearbhóidh sé incháilitheacht le leanúint ar aghaidh chuig Céim 2: Faomhadh an Deontais, faoi réir théarmaí na scéime.
Céim 2: Faomhadh an Deontais
Sula gcuirtear tús le hoibriúcháin deisiúcháin, comhlánaíonn an t-úinéir tí an fhoirm iarratais le haghaidh Chéim 2: Faomhadh Deontais chun iarratas a dhéanamh ar fhaomhadh deontais agus soláthraíonn sé nó sí costais mheasta ó chonraitheoir i gcomhair dheisiú an áitribh.
Má bhíonn an t-údarás sásta leis an méid sin, dearbhóidh sé méid faofa uasta an deontais faoi réir théarmaí an scéime.
Céim 3: Íocaíocht an Deontais
Nuair a bheidh na hoibriúcháin críochnaithe agus dearbhaithe, is gá don úinéir tí an fhoirm iarratais le haghaidh Chéim 3: Íocaíocht an Deontais a chomhlánú chun cur isteach ar láníocaíocht nó ar pháirtíocaíocht an deontais a faomhadh i gCéim 2.
Má bhíonn an t-údarás áitiúil sásta leis an méid sin, íocfaidh sé an deontas leis an úinéir tí, faoi réir théarmaí na scéime.
-
Riachtanais na scéime deontais maidir le Scéim um Deontais um Bhloic Choincréite Lochtacha
Is gá gur ‘úinéir lena mbaineann’ ar ‘áitreabh lena mbaineann’ in ‘údarás áitiúil lena mbaineann’ atá san iarratasóir.
Maidir le húinéirí lena mbaineann :
- Is gá gur daoine aonair iad ar leo an t-áitreabh (pé acu comhúinéireacht nó úinéireacht atá i gceist)
- Is gá go mbeadh úinéireacht an áitribh faighte acu roimh an 31 Eanáir 2020 (nó go bhfuair siad le huacht é tar éis 31 Eanáir 2020)
- Is gá dóibh a bheith ina gcónaí san áitreabh agus go mbeidh an t‑áitreabh ina phríomháit chónaithe phríobháideach acu
- Is gá rún de mheon macánta a bheith acu cónaí san áitreabh agus é a bheith ina phríomháit chónaithe phríobháideach acu nuair a chríochnófar na hoibriúcháin incháilithe ar an áitreabh.
Is gá gur teach, árasán, maisonette, nó árasán dhá urlár é ‘an t‑áitreabh lena mbaineann’ agus:
- gur i limistéir riaracháin udaráis áitiúil lena mbaineann (i.e. Comhairle Contae Mhaigh Eo) atá sé lonnaithe
- gur críochnaíodh a thógáil roimh 31/01/2020
- gur tógadh le bloic choincréite lochtacha é
- go bhfuil damáiste déanta dó de dheasca úsáid bloc coincréite lochtach.
-
Cén chaoi is féidir liom cur isteach ar an deontas?
Faigh seirbhisí innealtóra ó innealtóir ar Chlár I.S.465:2018 chun tuairisc innealtóra chríochnaitheach agus tástáil a dhéanamh mar fhianaise ar an damáiste don áitreabh. Comhlánaigh an fhoirm iarratais ar Dhearbhú Incháilitheachta le haghaidh na Scéime maidir le Bloic Choincréite Lochtacha agus seol í mar aon leis na doiciméid eile a iarrtar chuig; An Scéim maidir le Bloic Choincréite Lochtacha, Tithíocht Lárnach, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Teach an Choláiste, Bóthar an Stáisiúin, Béal Átha na Muice, Contae Mhaigh Eo.
Má bhíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo sásta leis an méid a chuirtear isteach, dearbhóidh sí incháilitheacht chun leanúint ar aghaidh chuig Céim 2: Faomhadh an Deontais, faoi réir théarmaí na scéime.
Cliceáil anseo chun cóip den fhoirm iarratais a íoslódáil.
-
Ceisteanna
Má tá ceist agat faoi Scéim maidir le Bloic Choincréite Lochtacha, cuir glaoch le do thoil ar an Oifig Tithíochta i mBéal Átha na Muice ag 094-9064510.