Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Iasacht Feabhsúchán Tí


Tá iasachtaí feabhsúcháin tí ar fáil d’úinéirí ar cónaitheoirí iad chun cuidiú leo leis an gcostas atá ar oibriúcháin feabhsúcháin, deisithe nó sínithe a dhéanamh ar a gcuid tithe. Níl na hiasachtaí seo ar fáil ach ó údaráis áitiúla áirithe, mar sin ba cheart duit dul i dteagmháil le Comhairle Contae Mhaigh Eo le seiceáil an bhfuil feidhm ag an scéim i do cheantar féin.

Rialacha 

Féadfaidh tú a bheidh i dteideal iasacht feabhsúcháin tí más féidir leat a chruthú don údarás áitiúil nach féidir leat iasacht a fháil ó bhanc nó ó chumann foirgníochta agus:

  • Gur gá do theach a fheabhsú nó a dheisiú nó gur gá síneadh a chur leis de dheasca plódaithe agus go gcomhlíonann d’ioncam an tástáil acmhainne a luaitear thíos, nó
  • Go bhfuil tú cláraithe ar liosta feithimh tithíochta le húdarás áitiúil, nó
  • Gur tionónta de chuid údaráis áitiúil thú nó gur tionónta ceannaigh thú agus gur mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat faoi láthair a thabhairt ar ais don Chomhairle Contae, nó
  • Gur tionónta thú le níos mó ná bliain anuas i dteach a chuir cumann tithíochta ar fáil duit faoin Scéim um Fhóirdheontais Chíosa agus gur mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat faoi láthair a thabhairt ar ais don chumann tithíochta.

Tabhair faoi deara go gcuirtear tástáil acmhainne i bhfeidhm i gcás na chéad chatagóire thuas amháin. Má chlúdaítear do chás faoin dara, tríú nó ceathrú catagóir, ní chuirfear tástáil acmhainne i bhfeidhm.

An Tástáil Ioncaim

  • Teaghlaigh ina bhfuil ioncam amháin: má bhí d’ollioncam roimh cháin níos lú ná €40,000 sa bhliain chánach dheireanach, tá tú incháilithe.
  • Teaghlaigh ina bhfuil dhá ioncam: méadaigh ollioncam an tsaothraí is mó ioncam (roimh cháin) sa bhliain chánach dheireanach faoi 2.5 agus suimigh le hollioncam an tsaothraí eile sa bhliain chánach dheireanach é. Má tá an freagra níos lú ná €100,000 nó más ionann é agus €100,000, tá tú incháilithe.

Rátaí

Is iad na huasrátaí le haghaidh iasachtaí feabhsúcháin tí:

  • €38,000 i gcás ina bhfuil an iasacht urraithe le morgáiste ar an teach (€50,000 i gcás oileáin amach ón gcósta)
  • €15,000 sa chás nach bhfuil an iasacht urraithe le morgáiste ar an teach.

Cuirtear ráta úis athraitheach i bhfeidhm leis na hiasachtaí seo.

Foirm iarratais anseo (Bearla).

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha