Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta (HAP)


Housing Assistance Payments from Mayo County Council.


  • Céard í an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP)?

    Leis an scéim seo, tugtar cúnamh do dhaoine atá ar an liosta tithíochta cíos a íoc ar lóistín príobháideach.

    Is faoin iarratasóir atá sé an lóistín príobháideach a aimsiú agus a fháil. Is comhaontú príobháideach é an comhaontú idir an tionónta agus an tiarna talún i gcónaí. Faoi na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe 2004‑2015, is gá gach tionóntacht chónaithe a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.

    Faoi scéim HAP, déanann an chomhairle contae íocaíochtaí díreacha leis an tiarna talún. Déanann tionontaí ranníocaíochtaí seachtainiúla leis an gcomhairle contae, bunaithe ar a n-ioncam agus ar a gcumas íocaíochta (tuilleadh eolais anseo maidir le cíos dhifreálach - Bearla)

    I gcás ina ndearbhaítear go bhfuil duine i dteideal HAP, déanfaidh an chomhairle contae íocaíocht a chur go díreach chuig an tiarna talún ar an gCéadaoin dheireanach den mhí.

  • Cé atá i dteideal HAP?

    Daoine atá ar liosta tithíochta Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Mura bhfuil tú ar an liosta tithíochta fós, beidh ort an Fhoirm Iarratais ar Thithíocht a comhlánú chun iarratas a dhéanamh.

  • Do thiarna talún a íoc

    Déanfaidh an chomhairle contae íocaíocht HAP le do thiarna talún ar an gCéadaoin dheireanach den mhí, faoi réir coinníollacha áirithe:

    • Is gá duitse do ranníocaíocht sheachtainiúil HAP a dhéanamh. Mura ndéanann tú amhlaidh, ní íocfar HAP le do thiarna talún.
    • Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh ag oifig an phoist, is gá duit an ranníocaíocht HAP a dhéanamh trí Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh an Phoist.
    • Ní mór go mbeidh an lóistín ar an gcaighdeán íosta ar a laghad le haghaidh tithíocht shóisialta.
    • Is gá do do thiarna talún fianaise ar chomhlíontacht chánach a chur ar fáil laistigh de chúig mhí ó chuirtear tús le HAP.
    • Ní féidir leatsa ná le do theaghlach a bheith i mbun iompar frith‑shóisialta.

    Má tá éarlais ag teastáil ó do thiarna talún, beidh ort í a íoc tú féin. Ní íocfaidh an Chomhairle Contae í duit. B’fhéidir go mbeifeá in ann Íocaíocht ar Riachtanais Eisceachtúil a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí chun cuidiú leat an éarlais a íoc.

  • Cíos dhifreálach a íoc leis an údarás áitiúil

    Íocfaidh tú ranníocaíocht sheachtainiúil HAP leis an údarás áitiúil, bunaithe ar ioncam seachtainiúil do theaghlaigh. Tá oibleagáid ort an t-údarás áitiúil a chur ar an eolas má thagann athrú ar d’ioncam dó ar an líon daoine sa teaghlach.

    Má ghlacann tú le post nó má thagann méadú ar d’uaireanta oibre, beidh tú fós i dteideal HAP fad is a chomhlíonann tú coinníollacha eile na scéime. 

    Má tá tú ar an liosta tithíochta cheana féin, is féidir leat foirm iarratais HAP a iarraidh ón gComhairle:

    Rannóg Tithíochta HAP,
    Teach an Stáisiúin,
    An Cuarbhóthar,
    Béal Átha na Muice,
    Contae Mhaigh Eo 

    Ríomhphost:  hap@mayococo.ie
    Fón: 094 9064510. 

    Ní féidir iarratas ar HAP a mheas go dtí go bhfaigheann an Chomhairle iarratas HAP atá comhlánaithe agus bailí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach n-íoctar riaráistí faoin scéim seo.

  • Leithcheal nuair a chuirtear lóistín príobháideach amach ar cíos

    Tá feidhm ag na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000‑2015 maidir le cíos agus lóistín. Ní féidir le tiarnaí talún idirdhealú a dhéanamh in aghaidh tionontaí ionchasacha ar bhun inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéis, creidimh, aoise, míchumais, cine ná comhaltais den lucht siúil.

    féidir le tiarna talún leithcheal a dhéanamh ort ar an mbun go bhfuil íocaíocht áirithe á fáil agat, HAP san áireamh. Ní féidir le tiarnaí talún a rá agus fógraíocht lóistín á cur amach acu nach nglacann siad le HAP. Má cheapann tú go ndearna tiarna talún nó gníomhaireacht leithcheal ort, is féidir leat gearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann.

  • Cén chaoi ar féidir iarratas a dhéanamh?
    • Mura bhfuil tú ar liosta tithíochta d’údaráis áitiúil faoi láthair, beidh ort an fhoirm iarratais ar thithíocht a chomhlánú.
    • Má tá tú ar an liosta tithíochta cheana féin, is féidir leat foirm iarratais HAP a iarraidh ar an gComhairle. Ní gá an fhoirm a chomhlánú go dtí go mbeidh lóistín feiliúnach aimsithe agat. Má tá tú i lóistín príobháideach cheana agus má tá tú i dteideal aistriú go HAP, is féidir í a chomhlánú anois freisin. Beidh ar do thiarna talún cuid d’fhoirm iarratais HAP a chomhlánú agus a shíniú chomh maith.
    • Má tá tú ag fáil forlíonadh cíosa le tamall fada, b’fhéidir go n‑iarrfadh an Roinn Coimirce Sóisialaí ort teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle chun aistriú go HAP a fhiosrú.
  • Tithíocht phríobháideach ar cíos

    Is gníomhaireacht a bhunaigh an Rialtas é an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (PRTB) a bhfuil cumhachtaí reachtúla aige tacú leis an margadh tithíochta agus aighnis a réiteach go pras agus ar bheagán costais, gan dul chuig na cúirteanna. Is riachtanas dlíthiúil é go gcláraítear tionóntachtaí cónaithe príobháideacha le PRTB. Is faoi PRTB atá sé clár náisiúnta de thionóntachtaí a choimeád ar bun.

    Is féidir leat tuilleadh eolais agus sonraí teagmháil don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha a fháil ag http://www.rtb.ie 

    Tá rannóg ar shuíomh gréasáin Fhaisnéis do Shaoránaigh freisin ar a gclúdaítear na gnéithe uile a bhaineann le lóistín a fháil ar cíos.

    An 1 Feabhra 2013, tháinig Airteagail 6, 7 agus 8 de na Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin le haghaidh Tithe ar Cíos) 2008 i bhfeidhm maidir le lóistín cónaithe ar cíos.

    Dá bharr sin, is gá go mbeidh saoráidí sláintíochta ar leithligh ag gach lóistín ar cíos. Ina theanna sin, tá ceanglais nuashonraithe i bhfeidhm anois maidir le saoráidí cócaireachta, stórála bia agus níocháin i lóistín ar cíos.

    Seo achoimre ar cheanglais na nAirteagal sin:

    • Saoráidí sláintíochta – Airteagal 6: Is gá go mbeidh seomra ar leith ann sa lóistín ar cíos ina bhfuil leithreas, báisín níocháin, agus folcadán nó cith socraithe ag a bhfuil saoráidí uisce the agus fhuair.
    • Saoráidí teasa – Airteagal 7: Is gá go mbeidh fearas socraithe i ngach seomra ináitrithe lenar féidir teas éifeachtach a chur ar fáil agus is gá go mbeidh an tionónta in ann oibriú an fhearais sin a riaradh
    • Ullmhúcháin bia agus stóráil agus níochán – Airteagal 8: is gá go mbeidh saoráidí leordhóthanacha sa lóistín ar cíos chun bia a stóráil, a ullmhú agus a chócaráil go sláinteach, agus go mbeidh fáil ann ar mheaisín níocháin agus ar thriomadóir.

    Is ar na húdaráis áitiúla atá an fhreagracht na caighdeáin sin a fhorfheidhmiú. Is fíneáil €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an dá rud, an pionós a ghearrtar ar neamh-chomhlíontacht. Is €400 sa lá a ghearrtar gach lá a leantar leis an gcion.

    Is féidir tuilleadh sonraí faoi na caighdeáin le haghaidh tithe ar cíos a fháil ag www.environ.ie nó is féidir ceisteanna a chur ar ríomhphost chuig private_housing@environ.ie

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha