Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Ceannaigh agus Athnuaigh


An aidhm atá leis an scéim seo ná tacú le húdaráis áitiúla agus le comhlachtaí tithíochta faofa, aonaid tithíochta a bhfuil gá le hathchóiriú a dhéanamh orthu a cheannach agus a athnuachan, agus iad a chur ar fáil i gcomhair tithíocht sóisialta in áiteanna a bhfuil riachtanas tithíochta iontu.

Déantar seo chun tacú agus cuir le hathnuachan uirbeach agus tuaithe agus an straitéis maidir le tithe folmha. Dá réir sin, tá Údaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Faofa Tithíochta ag féachaint le tithe agus áitribh fheiliúnacha a cheannach i gcathracha, bailte agus sráidbhailte, i gceantair a bhfuil gá le tithíocht shóisialta nó tithíocht do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Beidh fócas na scéime, ach ní go heisiach, ar sheanstoc tithíochta, go háirithe ar réadmhaoin tréigthe chun go ndéanfar sráid-dréacha a fheabhsú agus chun lóistín a bhfuil géarghá leis a chur ar fáil.

Má tá suim agat sa scéim seo, déan teagmháil leis:

An Oifig Tithíochta,
Teach an Choláiste,
Br an Stáisiúin,
Béal Átha na Muice
Co. Mhaigh Eo F12 V126 
(094) 9064510

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha