Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Iasachtaí Tithíochta de chuid Údaráis Áitiúil (LAHL)


Baineann an Scéim um Iasachtaí Tithíochta de chuid an Údaráis Áitiúil (LAHL) le ceannach tithe nua nó tithe athláimhe, agus le tithe féintógtha. Áirítear leis ceannach tithe trí scéimeanna Stáit amhail An Scéim Ceannaigh do Thionóntaí agus Na Scéimeanna um Thithíocht Incheannaithe, seachas Scéim an Chéad Tí.

Tógadh rialacháin isteach chun an iasacht nua a chur chun feidhme. Tháinig na Rialacháin um Iasachtaí Tithíochta 2021 (I.R. Uimh. 701 de 2021) i bhfeidhm an 4 Eanáir 2022. Tá cóip de na rialacháin ar fáil anseo

Ní ghlacfar le hiarratais ar Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann ón 4 Eanáir amach; is gá gach iarratas a dhéanamh ar LAHL.

Tiocfaidh LAHL in áit Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann. Dá bhrí sin, tarraingítear siar na Rialacháin Tithíochta (Iasachtaí Tithíochta Atógáil Éireann) (I.R. Uimh. 25 de 2018) leis na Rialacháin Tithíochta (I.R. Uimh. 701 de 2021). Tá clásal ann i  rialacháin LAHL áfach lena bhforáiltear nach mbeidh feidhm ag an aistarraingt maidir le hiarratais nó faomhaithe iasachtaí tithíochta faoi rialacháin RIHL atá fós amuigh.

Is iad seo a leanas na príomhghnéithe agus na príomhphróisis a bhaineann le LAHL:

  • Cuirtear suas le 90% de luach margaidh na réadmhaoine ar fáil
  • Is é €225,000 uasmhéid na hiasachta i gContae Mhaigh Eo
  • Is í 30 bliain uasfhad thréimhse na hiasachta
  • Is gnáthmhórgáiste caipitil a ngearrtar ús air atá san iasacht
  • Tá dhá rogha ráta ann faoi láthair: ráta seasta 2.495%  chomh fada le 25 bliana (APR 2.52%)  nó ráta seasta 2.745% chomh fada le 30 bliain (APR 2.78%)

Chun cáiliú le haghaidh Iasacht Tithíochta de chuid an Údaráis Áitiúil ní mór d’iarratasóirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Is gá gur ceannaitheoir céaduaire an t-iarratasóir, seachas iarratasóirí a cháilíonn faoi Phrionsabal an Túis Úir (féach thíos)
  • Ní fhéadfadh iarratasóir aonair ioncam comhlán bliantúil níos mó ná €50,000 a bheith aige ná aici.
  • Ní fhéadfadh comhiarratasóirí comhioncam comhlán bliantúil níos mó ná €75,000 a bheith acu.
  • Ní mór rún a bheith ag iarratasóirí go mbeidh an réadmhaoin ina príomháit chónaithe acu
  • Is gá d’iarratasóirí fianaise ar thairiscint mhorgáiste neamh-leordhóthanach ó dhá sholáthróir rialaithe airgeadais a chur ar fáil
  • Is gá dóibh a bheith i bhfostaíocht leanúnach le dhá bhliain anuas ar a laghad más príomhshaothraithe iad, nó le bliain anuas más saothraithe tánaisteacha iad. Má tá siad féinfhostaithe, ní mór dóibh a bheith in ann dhá bhliain de chuntais dheimhnithe a chur ar fáil.
  • Is gá ceart dlíthiúil cónaithe agus oibre a bheith ag iarratasóirí sa Stat agus is gá dóibh a léiriú go bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn

Dírítear d’aird ar na hathruithe seo a leanas ar RIHL atá sa scéim seo:

· Tá feidhm ag Prionsabal an Túis Úir freisin maidir leis an Scéim um Iasachtaí Tithíochta de chuid an Údaráis Áitiúil. Dá bharr sin, tá daoine atá colscartha, atá scartha nó scartha go dlíthiúil, nó a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh, agus nach bhfuil leas airgeadais acu sa teach teaghlaigh, i dteideal cur isteach ar an scéim seo. Tá daoine a chuaigh trí nósanna imeachta dócmhainneachta nó féimheachta i dteideal cur isteach uirthi freisin.

· Baineadh an teorainn 175 mhéadar cearnógacha ar mhéad na réadmhaoine is féidir a cheannach nó a thógáil

Tá suíomh gréasáin ar leith, www.localauthorityhomeloan.ie, doiciméid agus áireamhán morgáiste ceaptha ag an nGníomhaireacht Tithíochta le haghaidh LAHL.

Is féidir an fhoirm iarratais le haghaidh LAHL a íoslódáil anseo.

Is féidir ceisteanna maidir le LAHL a phlé ag aon cheann d’oifigí Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Iasacht Atógála

Tá iasachtaí ar fáil chun tithe a atógáil, a dheisiú agus a fheabhsú:

  • Is gá gur réadmhaoin ar féidir cónaí inti atá sa teach agus is gá gur príomháit chónaithe an iarratasóirí í.
  • Is gá gur réadmhaoin oiriúnach le haghaidh atógála, deisithe agus feabhsaithe í.
  • Teorainneacha ioncaim: Níor cheart go mbeadh an t-ioncam comhlán bliantúil níos mó ná €50,000 i gcás iarratasóirí aonair agus níor mó ná €75,000 i gcás comhiarratasóirí.
  • Is ráta athraitheach a chuirtear ar fáil.

Is féidir foirm iarratas ar atógáil, deisiú nó feabhsú áitribh a íoslódáil anseo.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha