Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Airgeadas

Cuntais Iníochta


Is muid atá freagrach as próiseáil na n-íocaíochtaí ar fad a dhéanann Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Má sholáthair tú earraí nó seirbhísí do Chomhairle Contae Mhaigh Eo, nó má tá tú ar tí iad a sholáthar, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas ar eolas agat sula gcuireann tú do shonrasc chugainn:

  • Leagan amach an tsonraisc
    • Bíodh d’Ainm agus Seoladh Soláthraí breá soiléir
    • Bíodh dáta ar an Sonrasc
    • Bíodh an seoladh seo air go soiléir: An Rannóg Cuntas Iníoctha, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, F23 WF90.
    • Caithfear Uimhir Ordaithe Ceannaigh ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo a bhaineann leis na hearraí nó na seirbhísí a lua ar an sonrasc.
    • Ba cheart go mbeadh Uimhir Shonraisc ar leith ar gach sonrasc.
    • Ba cheart go mbeadh cur síos cruinn agus líon na n-earraí/seirbhísí a soláthraíodh ar an sonrasc.
    • Nuair is ábhartha, ba cheart é seo a lua ar an sonrasc: “Tá CBL ar an soláthar seo le cuntas ag an bPríomh-Chonraitheoir” (Féach an chuid faoi Cháin Conarthaí Iomchuí [RTC])
    • Taispeáin Suim Gan CBL, Suim CBL agus Ráta CBL ar leithligh ar an sonrasc.
    • Caithfear Uimh. CBL/Uimh. Chánach/Uimh. Charthanais a lua ar an sonrasc nó, más ábhartha, ráiteas a deir nach bhfuil tú cláraithe le haghaidh CBL.
    • Más ábhartha, caithfear an uimhir Iarrtha ar Thairiscint a lua ar an sonrasc.
    N.B. IARR UIMHIR ORDAITHE CEANNAIGH I gCÓNAÍ AR AN mBALL FOIRNE I gCOMHAIRLE CONTAE MHAIGH EO A BHÍ I dTEAGMHÁIL LEAT.

    Seolfar sonraisc a fhaightear, ach nach bhfuil an t-eolas thuasluaite orthu, ar ais chuig an Soláthraí.

  • An sonrasc a chur isteach

    Ba cheart sonraisc bhailí a sheoladh ar ríomhphost chuig accountspayable@mayococo.ie nó is féidir iad a chur sa phost chuig an seoladh thuasluaite. 

     

  • Comhlíonadh Cánach

    Caithfidh soláthraithe a bheith cáin-chomhlíontach. Éilítear ar sholáthraithe a fhaigheann íocaíochtaí ábhartha os cionn €10,000 i dtréimhse 12 mhí ar bith sonraí a sholáthar a theastaíonn chun go bhfíoródh an Chomhairle comhlíonadh cánach an tSoláthraí, i.e. Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach (TCAN).

     

  • Tréimhse íocaíochta

    Nuair a fhaigheann Cuntais Iníoctha sonrasc bailí, déanann muid iarracht é a íoc laistigh de 15 lá.

     

  • Modh Íocaíochta

    Is fearr le Comhairle Contae Mhaigh Eo íocaíochtaí a dhéanamh trí Ríomhaistriú Airgid. I gcásanna eisceachtúla, déanfar íocaíochta le hOrdú Íocaíochta (seic) de réir rogha na Comhairle.

     

  • Fógra íocaíochta

    Seolfaidh muid duillín íocaíochta chuig an seoladh ríomhphoist a thug tú ar an bhfoirm chun soláthraí a chlárú. Nuair a dhéantar íocaíocht le hOrdú Íocaíochta, bíonn an Duillín Íocaíochta faoi iamh leis.

     

  • Prompt payment of accounts

    If an invoice is not paid within 30 days and the invoice has not been disputed, we will pay late payment compensation and interest in accordance with the Prompt Payment of Accounts Act 1997 and subsequent legislation. 

    These payments will appear on your remittance advice as the invoice number followed by PP COMP and PP INT .

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha