Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Airgeadas

Rátaí Tráchtála


Tá rátaí iníoctha ar mhaoine tráchtála/tionscail atá luacháilte chun críocha rátúcháin.  Is é an Coimisinéir Luachála, agus ní an tÚdarás Áitiúil, a shocraíonn na luachálacha inrátaithe.

Is trí rátaí tráchtála a bhailítear thart ar fhiche a cúig faoin gcéad de chaiteachas ioncaim Chomhairle Contae Mhaigh Eo.  Is den bhunriachtanas é go mbailítear rátaí ar mhaoine tráchtála agus tionscail chun raon iomlán sheirbhísí na comhairle a chothabháil.

Chun a thuilleadh eolais a fháil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le Roinn na Rátaí, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh. Guthán 094 9064000, Ríomhphost: rates@mayococo.ie

Is féidir teacht ar théacs iomlán an Achta um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 anseo

 

FAQ


  • Céard is Rátaí Tráchtála ann?

    Is éard is Rátaí Tráchtála ann ná cáin mhaoine ar mhaoine tráchtála atá luacháilte ag an gCoimisinéir Luachála.  Eisítear éileamh ráta chuig gach íocóir rátaí i dtosach gach bliana. Is den bhunriachtanas é go mbailítear rátaí ar mhaoine tráchtála agus tionscail chun raon iomlán sheirbhísí na comhairle a chothabháil.

  • Cén fáth a n-íocaimid Rátaí?

    Is éard atá sna Rátaí Tráchtála ná an ranníocaíocht airgeadais atá á déanamh ag úinéirí agus áititheoirí gnó ar mhaithe leis an gcothabháil agus le caighdeán na beatha sa phobal áitiúil. 

    Cuireann an t-ioncam a fhaightear ó rátaí tráchtála le raon ollmhór seirbhísí mar iad seo a leanas:

    • Tacaí Tithíochta a Sholáthar 
    • Stoc Tithíochta a Chothabháil 
    • Cothabháil gheimhridh (clár leata grin na mbóithre) 
    • Soilsiú poiblí 
    • Cothabháil ar na bóithre agus na cosáin 
    • Glantachán na Sráideanna 
    • Cúram a Dhéanamh de na Bóithre agus na Cosáin 
    • Forbairt agus Cur Chun Cinn na Turasóireachta 
    • Gníomhaíochtaí oidhreachta & caomhantais
    • Oibriú na Seirbhíse Dóiteáin 
    • Oibriú na Cosanta Sibhialta 
    • Páirceanna agus Spásanna Oscailte 
    • Cothabháil agus forbairt na gclós súgartha
    • Ranníocaíochtaí le Lárionaid Fóillíochta
    • Cosaint an Chomhshaoil 
    • Rialacháin Dramhaíola, faireachán agus forfheidhmiú 
    • Seirbhísí Leabharlainne 
    • Oidhreacht, Turasóireacht, Conláistí Poiblí agus na hEalaíona

     

  • Cén chaoi a ríomhtar rátaí?

    Déantar do tháille chun críocha na rátaí tráchtála a ríomh ar an mbealach seo a leanas: 

    • ‘Luacháil inrátaithe' do mhaoine 
      …arna iolrú ar…  
    • An ‘Ráta Bliantúil ar an Luacháil’ (dá dtagraítear freisin mar: ‘an t-iolraitheoir’) 
      …is ionann é agus…  
    • ​Do Tháille Rátaí Tráchtála. 

    ‘Luacháil inrátaithe’ 
    Is é an Coimisinéir Luachála a shocraíonn na luachálacha inrátaithe i dtaca le gach maoin agus leagtar amach iad i Liosta Luachála.   Má chreideann tú gur mícheart do Luacháil inrátaithe, féadfaidh tú iarraidh ar athmheasúnú a chur isteach. 
    ‘Ráta Bliantúil ar an Luacháil’ 
    Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcruinniú bliantúil an bhuiséid dá cuid a chinneann an ‘Ráta Bliantúil ar an Luacháil’ (dá dtagraítear freisin mar: ‘an 
    t-iolraitheoir’). Tabhair faoi deara, le do thoil: Is é an Ráta Bliantúil ar an Luacháil i gcomhair na bliana 2020 ná €78.42. 
    Comhaontaíodh an Ráta Bliantúil ar an Luacháil i gcomhair na bliana 2020 ag an gcruinniú buiséid is déanaí ar an dara lá de Mhí na Nollag, 2019. 
    Sampla de ríomh rátaí tráchtála: 

    • Luacháil inrátaithe €250.00  
    • …arna iolrú ar… 
    • €78.42 Ráta Bliantúil ar an Luacháil (i gcomhair na bliana 2020) 
    • €19,605.00 is ea do tháille i leith rátaí tráchtála

     

  • Cén chaoi ar féidir liom mo rátaí a íoc?

    Dlitear na rátaí ina ndá leathchuid gach bliain. Bíonn an chéad leathchuid dlite nuair a fhaightear an chéad éileamh a sheoltar go luath sa bhliain agus bíonn an dara leathchuid dlite ar an gcéad lá de Mhí Iúil 2020.  Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, gur féidir íocaíochtaí a dhéanamh i dtráthchodanna míosúla i gcaitheamh na bliana chun éascaíocht a dhéanamh dár n-íocóirí rátaí – pléigh an gnó seo le do Bhailitheoir Áitiúil Ioncaim. Ba chóir go mbeadh a (h)ainm ar do Bhille Rátaí.

    Is féidir íocaíocht a dhéanamh ar roinnt mhaith bealaí mar iad seo a leanas: 

    • Buanordú (le híoc go seachtainiúil, go coicísiúil nó go míosúil). Ní foláir é seo a chur ar bun i do bhanc agus beidh gá agat leis na sonraí dár gcuntas bainc, a thugtar anseo thíos. 
    • Ríomhaistriú Airgid ó do chuntas bainc. Luaigh uimhir do chuntais chustaiméara, le do thoil, nuair a bheidh íocaíochtaí á ndéanamh agat ar an modh seo. 
    • Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair trí ghlao gutháin a chur ar 094 9064169 le linn uaireanta oifige an chloig agus uimhir do chuntais chustaiméara á lua agat. 
    • Seiceanna, dréachtaí bainc, orduithe poist nó orduithe airgid iníoctha le Comhairle Contae Mhaigh Eo, agus uimhir chuntais an ráta ábhartha á lua agat. 
    • Ba chóir go mbeadh íocaíochtaí poist iníoctha le Comhairle Contae Mhaigh Eo, agus uimhir chuntais na Rátaí a lua agus é a chur ar aghaidh chuig an Rannóg Airgeadais, An Meal, Caisleán an Bharraigh. 
    • Rátaí a ghlanadh trí shuim a chur ina gcoinnibh (Faoi Alt 58 den Acht Rialtais Áitiúil 1941) (Féadfar íocaíocht a bhíonn dlite duit ón gComhairle a chur i gcoinnibh do bhille rátaí). 
    • Is féidir le custaiméirí íocaíocht a dhéanamh go pearsanta le hairgead tirim, le seic, le hordú poist, le hordú airgid nó le cárta creidmheasa/dochair in Oifigí na gCeantar Bardasach seo a leanas le linn na n-uaireanta rialta oifige an chloig (Dé Luain go dtí Dé hAoine ó 9.00 r.n. go dtí 1.00 i.n. agus ó 2.00 i.n. go dtí 5.00 i.n.): 

     

    SEOLADH

     

    BAILITHEOIR IONCAIM 

    UIMHIR GHUTHÁIN 

    Comhairle Contae Mhaigh Eo

    Sráid Árann 

    Béal an Átha 

     

     

    Bridie Gallagher 

    Sarah Doherty 

    087 6601740 

    087 2229387 

    Comhairle Contae Mhaigh Eo

    Bóthar Chill Mheáin

    Baile an Róba 

     

     

    Maura Connolly 

     

    087 9316969 

     

    Comhairle Contae Mhaigh Eo 

    Bóthar an Teampaill 

    Béal an Mhuirthead 

     

     

    Christine Maguire 

    087 7536847 

     

    Comhairle Contae Mhaigh Eo 

    Bóthar Bhaile an Róba 

    Cathair na Mart 

     

     

     

    Bernadette Kavanagh

    087 9064252

    Comhairle Contae Mhaigh Eo 

    Áras an Chontae 

    Caisleán an Bharraigh 

     

     

    Frances Regan

    Kevin Deignan 

    087 2032116

    087 2862787 

     

    Comhairle Contae Mhaigh Eo 

    Bóthar Chill Cholmáin

    Clár Chlainne Mhuiris

     

     

    Carmel Heneghan 

    087-2514201 

    094 9374380 

     

    Sonraí dár gcuntas bainc: 

    Bainc-Aontas Éireann - Cód Sortála: 93-70-88 

    Uimhir IBAN IE98AIBK93708819579000  

    Uimhir BIC AIBKIE2D 

     

  • Céard a tharlóidh mura n-íocfaidh mé mo chuid rátaí?

    Tá de cheangal dlí ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo Rátaí Tráchtála a ghearradh agus a bhailiú. Bíonn tionchar tromchúiseach ag rátaí neamhíoctha ar ár gcumas seirbhísí riachtanacha a sheachadadh. Tabharfar faoin bhforfheidhmiú dlíthiúil más gá. 

    Is rífheasach don Chomhairle, áfach, na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag roinnt gnólachtaí agus déanann sí iarracht ar gach slí an tionscal agus an tráchtáil a spreagadh agus a neartú.   Molaimid d'aon ghnólacht a bhféadfadh ceisteanna a bheith acu maidir lena gcuntas teagmháil a dhéanamh leis an mball foirne ábhartha, a bhfuil a ainm agus a uimhir theagmhála tugtha thuas, a luaithe is féidir

  • Céard is sonrasc maidir le Tobhach Maoine Iontrála (TMI/PEL) ann?

    Má dhéantar luacháil ar mhaoin nua i rith na bliana, is féidir go bhfaighfidh tú éileamh ar Thobhach Maoine Iontrála (TMI/PEL) in ionad éileamh ar rátaí a fháil – baineann an tobhach leis an gcuid chomhréireach de bhliain ina meastar an t-áitreabh a bheith inrátaithe.   Gheobhaidh tú d'éileamh ar rátaí sa bhliain dár gcionn. 

  • Céard a tharlóidh má scoirim de mhaoin a áitiú nó má dhíolaim an mhaoin?

    Ní foláir d'úinéir maoine, nó dá g(h)níomhaire, Comhairle Contae Mhaigh Eo a chur ar an eolas nuair a aistrítear nó a dhíoltar leas i maoin inrátaithe (baineann Alt 32 den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 le hábhar). 

    Ní foláir don duine a aistríonn an mhaoin, an t-úinéir nó an t-áititheoir, íoc as na rátaí go léir a dhlitear i dtráth an aistrithe/díola.   Má theipeann ort scéala a thabhairt do Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi athrú leasa laistigh de 14 lá ó dháta an aistrithe, is féidir gurb é an toradh a bheidh air seo ná go ngearrfar pionós as neamh-chomhlíonadh sa mhéid go ndlifear suim ar an úinéir a bheidh in ionannas le leibhéal na rátaí gan íoc (suas le huasmhéid de dhliteanas dhá bhliain).   Tháinig an dualgas seo i bhfeidhm an 1 Iúil, 2014. 

    Íoslódáil Foirm Alt 32 anseo

    Section-32-Form

    Foirm-Fogartha-Alt-32_2

  • An mbeidh rátaí le híoc agam má bhíonn athchóiriú á dhéanamh ar mo mhaoin/ má bhíonn mo mhaoin dúnta i gcomhair deisiúcháin?

    Má bhíonn maoin á hathchóiriú nó má bhíonn maoin dúnta i gcomhair deisiúcháin, is ceart duit teagmháil a dhéanamh linn ionas gur féidir linn iniúchadh a dhéanamh.  Ní bhíonn rátaí iníoctha i leith na tréimhse ina mbíonn an mhaoin á hathchóiriú, faoi réir a fhíoraithe gur mar seo a bhíonn an scéal. Beidh an tobhach folúntais 10% fós iníoctha. 

  • An mbeidh rátaí le híoc agam fós má bhíonn mo mhaoin folamh?

    Más amhlaidh nach mbíonn maoin áitithe agus le fáil ar léas nó ar cíos, féadfaidh tú feidhm a bhaint as aisíocaíocht folúntais (90% faoi láthair) nuair a bheidh an dearbhú riachtanach comhlánaithe agat.  Is gá táille 10% a íoc ar aon tslí. 

    Íoslódáil an Fhoirm Folúntais 2020 anseo

     

  • Céard a tharlóidh má dhéantar athrú struchtúrach ar mo mhaoin? 

    Ní féidir athbhreithniú ar luacháil mhaoine a lorg ach amháin sa chás go dtarlaíonn athrú ábhartha ón luacháil dheireanach. D'fhéadfadh sé seo tarlú de thoradh oibreacha athchóirithe/méadaithe nó pé am a d'fhillfeadh an mhaoin ar úsáid feirmeoireachta nó úsáid teaghlaigh. Tá foirm iarratais chun athbhreithniú a lorg ar fáil ón Oifig Luachála agus is ceart an fhoirm a chur ar ais chuig an gCoimisinéir Luachála, Oifig Luachála, Lárionad Irish Life, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, mar aon leis an táille chuí. Thairis sin, féadfaidh tú iarratas ar líne a dhéanamh ag https://www.valoff.ie/en/revision/revision-forms/ 

    Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil athmheasúnú á dhéanamh faoi láthair ag Athluacháil 21 ar gach luacháil mhaoine tráchtála sa chontae. Beidh teagmháil dhíreach déanta ag an Oifig Luachála leis na hÍocóirí Rátaí agus tá an deis agat ar aon eolas ábhartha a chur in iúl dóibh

  • Céard atá ag teastáil má cheannaím nó má dhíolaim maoin tráchtála?

    Alt 32 den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014

    - Maoin Inrátaithe a Aistriú

    Dleacht nua ar úinéirí/íocóirí rátaí i ndáil le haistriú maoine

    Príomhfhorálacha Alt 32 den Acht

    • Cuireann sé dualgas ar úinéirí maoine, nó ar a ngníomhairí, scéala a thabhairt don Údarás Áitiúil nuair a aistrítear leas i maoin inrátaithe  agus an duine a bhíonn faoi dhliteanas maidir le hathruithe rátaí.
    • Ní foláir don duine a aistríonn an mhaoin, an t-úinéir nó an t-áititheoir , na rátaí go léir, a bhfuil dliteanas air/uirthi i leith a n-íocaíochta ar dháta an aistrithe, a ghlanadh.

    Mura gcuirtear athrú leasa in iúl do Chomhairle Contae Mhaigh Eo laistigh de 14 lá ó dháta an aistrithe, féadfar pionós a ghearradh as neamh-chomhlíonadh sa mhéid go ndlifear suim ar an úinéir a bheidh in ionannas le leibhéal na ndliteanas gan íoc (suas le huasmhéid de dhliteanas dhá bhliain).

    Tháinig an dualgas seo i bhfeidhm an 1 Iúil, 2014.

    Foirm Alt 32

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha