Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Airgeadas

An Príomh-Chlár Creidmheasa


Tá dualgas ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo, ach oiread le gach soláthraí creidmheasa eile, faisnéis chreidmheasa agus faisnéis phearsanta a chur faoi bhráid an Phríomh-Chláir Creidmheasa i gcás iasachtaí €500 nó os a chionn.

Is bunachar sonraí éigeantach d’fhaisnéis chreidmheasa é an Príomh-Chlár Creidmheasa a bhunaigh an Banc Ceannais, faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa, 2013, arna leasú.

Tá sé de cheart ag iasachtaithe a dtuarascáil chreidmheasa a iarraidh am ar bith, saor in aisce (faoi réir úsáid chóir) chun go bhfeicfidh siad cén fhaisnéis chreidmheasa atá ag iasachtóirí fúthu, agus is féidir le hiasachtóirí leas a bhaint as an bPríomh-Chlár Creidmheasa chun monatóireacht a dhéanamh ar aisíocaíochtaí agus chun cabhrú leo cinneadh a dhéanamh faoi iarratais ar iasachtaí nua.

Tá tuilleadh eolais faoi sholáthar agus úsáid na faisnéise creidmheasa ar fáil ar an suíomh gréasáin sonrach https://www.centralcreditregister.ie/ga agus https://www.centralbank.ie/ga/home

Chomh maith leis sin, tá Meabhrán Tuisceana ag an mBanc Ceannais leis an bPríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh faisnéis phearsanta agus chreidmheasa a aistriú ón bPríomh-Chlár Creidmheasa.

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh leathanach cuimsitheach de Cheisteanna Coitianta atá ar fáil ANSEO faoin aistriú faisnéise sin.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha