Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Rialachas agus Daonlathas

Clár na dToghthóirí

Is liosta é Clár na dToghthóirí d’áititheoirí Éireannacha atá cláraithe chun vóta a chaitheamh i dToghcháin agus i Reifrinn sa bhliain atá an Clár i bhfeidhm.

Ullmhaímid Clár Toghthóirí nua le haghaidh Chontae Mhaigh Eo gach bliain. Foilsítear é an 1 Feabhra agus tagann sé i bhfeidhm an 15 Feabhra.

Tá Clár na dToghthóirí atá anois ann i bhfeidhm ón 15 Feabhra 2021 go dtí an 14 Feabhra 2022.

Tá sé de cheart ag gach duine atá ocht mbliana déag nó níos sine an lá a thagann an Clár i bhfeidhm a bheith san áireamh ann. Cinntear na toghcháin ar féidir leat vóta a chaitheamh iontu de réir do shaoránachta agus mar sin iarraimid do stádas saoránachta ort nuair a chláraíonn tú.

Is iad seo na cearta vótála atá ann de réir saoránachta: 

  • Is féidir le saoránaigh Éireannacha vóta a chaitheamh i ngach toghchán agus i nach reifreann
  • Ní féidir le saoránaigh de chuid na Breataine vóta a chaitheamh ach sna toghcháin Dála agus sna toghcháin áitiúla
  • Ní féidir le saoránaigh eile de chuid an Aontais Eorpaigh vóta a chaitheamh ach sna toghcháin Eorpacha agus sna toghcháin áitiúla
  • Is féidir le saoránaigh eile nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla, agus sna toghcháin sin amháin 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha