Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Clár na dToghthóirí

Vóta Poist


Ní féidir liom dul chuig an stáisiún vótaíochta. An bhfuil mé i dteideal vóta poist?

Tá dhá bhealach againn le cinntiú go gcláraíonn daoine a vóta fiú mura bhfuil siad in ann dul chuig an stáisiún vótaíochta ar lá an toghcháin: Liosta na bPost‑Vótálaithe agus an Liosta Vótálaithe Speisialta.

Liosta na bPost Vótálaithe

Is cuid de Chlár na dToghthóirí é Liosta na bPost Vótálaithe. Is féidir leat clárú le haghaidh vóta posit sna cásanna seo a leanas:

  • Is baill lánaimseartha de na Fórsaí Cosanta thú. Má tá cónaí ort i mbeairic mhíleata is féidir leat clárú le seoladh na beairice nó le do sheoladh baile, ach Foirm RFC chomhlánú

  • Is taidhleoir Éireannach thú ar dualgas thar lear. Comhlánaigh agus seol ar ais Foirm SVS5 le cinntiú gur féidir tú féin agus do chéile nó do pháirtnéir sibhialta a chlárú le do sheoladh baile in Éirinn.

Ba cheart do do roinnse ceannais é sin a dhéanamh go huathoibríoch ar do shon. Seiceáil leo i dtosach le do thoil.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar vóta poist sna cásanna seo a leanas: 

  • Is ball thú den Gharda Síochána. Comhlánaigh Foirm RFB chun iarratas a dhéanamh ar vóta poist.
  • Tá tú i do chónaí sa bhaile agus ní féidir leat dul chuig stáisiún vótaíochta de dheasca tinneas fisiciúil nó míchumas fisiciúil. Ba cheart duit Foirm PV 1 a chomhlánú. Más cónaitheoir fadtéarmach thú in ospidéal, i dteach altranais nó in institiúid eile den sórt sin, is gá duit an t-eolas faoin Liosta na Vótálaithe Speisialta a léamh.
  • Is dócha nach mbeidh tú in ann freastal ar an stáisiún vótaíochta ar lá an toghcháin mar gheall ar an ngairm atá agat. Áirítear sa chatagóir seo mic léinn lánaimseartha atá ina gcónaí as baile fad is a fhreastalaíonn siad ar institiúid oideachais sa Stát; is Foirm PVS 2 atá de dhíth sa chás sin.
  • Ní féidir leat vóta a chaitheamh ag do stáisiúin vótaíochta toisc go bhfuil tú faoi choimeád i bpríosún de bhun ordú ón gCúirt. Is Foirm RFG atá uait sa chás sin.
  • Is ball foirne toghcháin thú atá fostaithe ag vótaíocht taobh amuigh den dáilcheantar ina bhfuil tú i do chónaí. Is Foirm PV4 atá uait.

Tabhair faoi deara go n-athraíonn na nósanna iarratais agus spriocdhátaí le bheith san áireamh ar Liosta na bPost‑Vótálaithe de réir chineál an toghcháin. Ná dearmad nach féidir leat ach vóta poist a chaitheamh má tá tú cláraithe mar vótálaí poist, agus nach féidir leat vótáil ag stáisiún vótaíochta.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha