Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Saoráil Faisnéise

Cearta Athbhreithnithe agus Achomhairc


San Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, leagtar amach na sásraí achomhairc atá ann sa chás go ndiúltaítear d’iarratas,  chomh maith leis na sásraí achomhairc a bhaineann le cur siar rochtana, táillí, agus formáid na rochtana.  

Tá sonraí na sásraí sin le fáil sa chuid seo a leanas.

Athbhreithniú Inmheánach

Is féidir leat a iarraidh go ndéanfaí Athbhreithniú Inmheánach ar an gcéad chinneadh sna cásanna seo a leanas:

  • tá tú míshásta lena raibh sa chéad fhreagra a fuair tú, mar shampla, diúltú faisnéise, formáid na faisnéise, táillí etc., nó
  • ní bhfuair tú freagra laistigh de cheithre seachtaine ó fuarthas an chéad iarratas. Meastar gur diúltú é sin, agus mar sin féadfaidh tú dul ar aghaidh chuig próiseas an Athbhreithnithe Inmheánaigh.

Is Oifigeach ag leibhéal níos sóisearaí a chuireann an tAthbhreithniú Inmheánach i gcrích. Ba cheart iarratais ar Athbhreithnithe Inmheánacha, chomh maith leis an taille lena mbaineann (sonraí thíos), a sheoladh laistigh de cheithre seachtaine ón gcéad chinneadh, chuig:

An tUasal John Condon
Stiúrthóir Seirbhísí
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Contae Mhaigh Eo
F23 WF90

Ríomhphost: foi@mayococo.ie
Fón: 094 9064000   

Bíonn ár n-oifigí ar oscailt ó 9.00 am go dtí 1.00 pm agus ó 2.00 go 5.00 pm, Luan go hAoine. Ní bhíonn siad ar oscailt ar laethanta saoire poiblí.

Is gá dúinn an t-athbhreithniú a chríochnú laistigh de thrí seachtaine. De ghnáth, is gá athbhreithniú inmheánach a bheith críochnaithe sula gcuirfear aon achomharc ar aghaidh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

  • Tá gnáth-tháille €30 le híoc agus le cur isteach le gach iarratas ar Athbhreithniú Inmheánach (seachas i gcás athbhreithnithe a bhaineann le faisnéis phearsanta).
  • Tá táille laghdaithe €10 le híoc má tá cárta leighis agat nó má tá tú cleithiúnach ar dhuine a bhfuil cárta leighis aige nó aici (seachas i gcás athbhreithnithe a bhaineann le faisnéis phearsanta).

Má bhaineann d’athbhreithniú go sonrach le cinneadh uainne táille cuardaigh agus aisghabhála nó táille cóipeála a ghearradh, ní bhainfidh aon táille le d’iarratas.

Athbhreithniú ag an gCoimisnéir Faisnéise

Is féidir leat athbhreithniú neamhspleách ón gCoimisinéir Faisnéise a iarraidh sna cásanna seo a leanas: 

  • tá tú míshásta leis an gcinneadh ar an Athbhreithniú Inmheánach, nó
  • níl freagra faighte agat laistigh de thrí seachtaine ó fuarthas d’iarratas ar Athbhreithniú Inmheánach. Meastar gur diúltú é sin, agus féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir dá dheasca.

Ba cheart duit iarratas i scríbhinn, a mbeidh an táille chuí ag gabháil leis, a sheoladh chuig an gCoimisinéir Faisnéise:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773  

Fón:  01 639 5689
Ríomhphost:  info@oic.ie
Suíomh Gréasáin:  www.oic.ie   

Bíonn Oifig an Choimisinéara Faisnéise ar oscailt ó 9.15 am go 5.00 pm, Luan go hAoine, seachas ar laethanta saoire poiblí.

  • Tá gnáth-tháille €50 le híoc agus le cur isteach le gach iarratas ar achomharc (seachas i gcás achomhairc a bhaineann le faisnéis phearsanta).
  • Tá táille laghdaithe €15 le híoc má tá cárta leighis agat nó má tá tú cleithiúnach ar dhuine a bhfuil cárta leighis aige nó aici (seachas i gcás achomhairc a bhaineann le faisnéis phearsanta).

Má bhaineann d’achomharc go sonrach le cinneadh ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo táille cuardaigh agus aisghabhála nó táille cóipeála a ghearradh, ní bhainfidh aon táille le d’iarratas ar achomharc.

Féach ár gCairt Custaiméirí agus ár Nós Imeachta Gearáin.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha