Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Rialachas agus Daonlathas

Saoráil Faisnéise

Achtaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise atá anois ann i mí Dheireadh Fómhair 2014 agus tá feidhm aige ó shin maidir leis na húdaráis áitiúla uile, Comhairle Contae Mhaigh Eo san áireamh. Faoin reachtaíocht sin, tá na cearta dlíthiúla seo a leanas agat:

  • An ceart rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla i seilbh Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi mar a shainmhínítear iad san Acht
  • An ceart go gceartófaí nó go ndéanfaí nuashonrú ar fhaisnéis phearsanta fútsa atá ag Comhairle Contae Mhaigh Eo sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • An ceart cúiseanna a fháil ar chinntí a ghlac Comhairle Contae Mhaigh Eo a bhfuil tionchar acu ortsa

Cé nach ngearrtar costas ar iarratas saorála faisnéise, féadfar táillí a ghearradh ar chuardach, ar aisghabháil agus ar chóipeáil.


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha