Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Saoráil Faisnéise

Iarratas a Dhéanamh


Ba cheart iarratais Saorála Faisnéise, agus iad sin amháin, a sheoladh ar ríomhphost chuig:  

Martina Walsh  
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise 

Ríomhphost: foi@mayococo.ie  
Fón: 094 9064 136

Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Contae Mhaigh Eo
F23 WF90

Bíonn ár n-oifigí ar oscailt ó 9.00 am go dtí 1.00 pm agus ó 2.00 go 5.00 pm, Luan go hAoine. Ní bhíonn siad ar oscailt ar laethanta saoire poiblí.  

Ní mór duit d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus a chur in iúl go soiléir go bhfuil tú ag lorg faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.   

Más maith leat an fhaisnéis a fháil i bhformáid ar leith, mar shampla, mar fhótachóip nó mar ríomhphost, ba cheart duit é sin a léiriú i d’iarratas.

Le do thoil, tabhair an oiread sonraí is féidir leat sa chaoi go mbeimid in ann na taifid atá uait a aithint. Cuir uimhir fóin ar fáil ar a mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat le linn an lae má bhíonn aon cheist againn faoi d’iarratas.   

Má tá sé deacair ort na taifid ar leith atá uait a aithint, táimid sásta cuidiú leat d’iarratas a ullmhú.

Eiseoimid admháil laistigh de dhá sheachtain ón dáta a fhaighimid an t-iarratas. 

Déanfar cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de cheithre seachtaine ón dáta a fhaighimid an t-iarratas. I gcásanna ina mbaineann an t-iarratas le méid mór taifead agus nach féidir linn cloí leis an spriocdháta dá réir, féadfar síneadh ceithre seachtaine eile a chur leis an sprioc-am sin. Ní mór dúinn tú a chur ar an eolas faoi thréimhse an tsínidh agus an chúis atá leis.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha