Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí na bPáistí


Ní bhíonn páistí ró-óg riamh le clárú leis an leabharlann – agus bíonn fáil acu ar raon leathan leabhar, DVDanna, dlúthdhioscaí ceoil agus closleabhar lena gcárta leabharlainne. Díreach mar a dhéanann daoine fásta, is féidir le páiste suas le 12 leabhar a fháil ar iasacht ag aon am amháin agus iad a choinneáil ar feadh trí seachtaine (agus d’fhéadfaí iad a athnuachan chun iad a choinneáil níos faide mura bhfuil aon duine eile á n-iarraidh).

Nuair a shiúlann tú trí dhoirse do leabharlainne áitiúla, tá tú ag tabhairt deis do do pháiste dul chuig gach saghas domhain eile.

Spreagann an léitheoireacht páistí lena samhlaíocht a úsáid, cuirtear lena scileanna teanga, forbraítear comhbhá do dhaoine i gcásanna deacra, agus cabhraíonn sé leo níos mó a fhoghlaim fúthu féin agus an domhan mórthimpeall orthu. Tá bronntanas gan teorainn ar cheann de na bronntanais is fearr le tabhairt do do pháiste: cárta leabharlainne (saor in aisce).

Seo cuid de na seirbhísí do pháistí i mbrainsí Leabharlann Mhaigh Eo:

Summer-Stars.jpg

Tionscnamh Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh

Is é Réaltaí an tSamhraidh an clár náisiúnta léitheoireachta do pháistí a bhíonn ar bun sna leabharlanna poiblí ar fad – 330 ar fud na tíre – ó mhí an Mheithimh go deireadh mhí Lúnasa. Is clár atá go hiomlán saor in aisce é Réaltaí an tSamhraidh agus bíonn sé ar fáil do gach páiste. Cén chaoi a n-oibríonn sé?

  • Roghnaíonn an páiste an leabhar ba mhaith leo a léamh.
  • Cuirtear bileog speisialta léirmheasa (léirmheas gearr i scríbhinn agus/nó pictiúr) faoi bhráid na leabharlainne le haghaidh gach leabhair a léitear.
  • Cuirtear stampa ar an gcárta léitheoireachta as gach léirmheas a thugtar don leabharlann.
  • Ag deireadh an tsamhraidh, tugtar an cárta léitheoireachta agus aon léirmheasanna nár cuireadh faoina bráid fós don leabharlann.
  • Tugtar cuireadh do na páistí a chríochnaíonn an dúshlán teacht chuig imeacht speisialta bronnta ag a leabharlann áitiúil, agus faigheann siad teastas agus bonn.

Seisiún Scéalaíochta

Bíonn seisiúin scéalaíochta ar siúl gach seachtain sna brainsí leabharlainne seo a leanas:

Béal an Átha – Déardaoin ag a 4.00pm

Béal Átha hAmhnais – Dé Máirt ag 11.30am

Caisleán an Bharraigh – Dé Céadaoin ag a 4.00pm / Déardaoin ag a 11.00am (lapadáin)

Cathair na Mart – Dé Máirt ag a 3.00pm

Béal Átha na Muice – Seisiúin scéalaíochta ó am go chéile – níos mó eolais le fáil ón mbrainse féin.

Am Scéalaíochta an Earraigh

I rith mhí Aibreáin, eagraítear seisiún amháin scéalaíochta ar a laghad i ngach brainse leabharlainne. Féach ar ár leathanach imeachtaí le haghaidh tuilleadh eolais faoi sheisiúin scéalaíochta atá ar na bacáin, nó cuardaigh an t-eolas is deireanaí ar ár leathanach Facebook.

Féile Leabhar na bPáistí

Is mí dhraíochta é mí Dheireadh Fómhair i Leabharlann Mhaigh Eo – an mhí a mbíonn ár bhféilire ag cur thar maoil le himeachtaí spleodracha siamsúla le haghaidh páistí. Údair, seónna puipéad, ceardlanna, léamha, tráth na gceist boird – tá rud éigin ann do gach duine. Féach ar ár leathanach imeachtaí le haghaidh imeachtaí Fhéile Leabhar na bPáistí atá ar na bacáin (cuirtear iad sin ar an leathanach thart ar mhí Mheán Fómhair go hiondúil), nó cuardaigh an t-eolas is deireanaí ar ár leathanach Facebook.

 
 
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha