Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Clubanna Leabhar


Ar mhaith leat a bheith páirteach i gclub leabhar le Leabharlann Mhaigh Eo? Tá cúpla ceann againn! Seo eolas faoin áit a reáchtáiltear iad agus faoin méid atá á léamh acu. Má tá tú an-tugtha don léitheoireacht agus leabhair, beidh míle fáilte romhat!

  • Baile an Róba

    Tagann Club Leabhar Leabharlann Bhaile an Róba le chéile ar an gcéad Mháirt den mhí ag a 7.00 p.m. sa leabharlann.

    **Tá Club Leabhar Leabharlann Bhaile an Róba ar sos faoi láthair mar gheall ar shrianta COVID-19. Tá súil againn tús a chur leis na cruinnithe arís in athuair a luaithe is féidir faoi na treoirlínte sláinte poiblí.**

    Féach ar an leathanach Imeachtaí chun eolas a fháil faoin gcéad chruinniú eile.

  • Béal Átha hAmhnais

    Tagann an Club Leabhar le chéile uair sa mhí (an chéad Chéadaoin den mhí go hiondúil) i Leabharlann Bhéal Átha hAmhnais ag a 8.00 p.m.

     

  • Caisleán an Bharraigh

    Tagann Club Leabhar Leabharlann Chaisleán an Bharraigh le chéile ar an dara Máirt den mhí ag a 8.00 p.m. thuas staighre i Leabharlann Chaisleán an Bharraigh.

  • Coillte Mach

    Tagann Club Leabhar Leabharlann Choillte Mach le chéile ar an tríú Céadaoin den mhí ag a 7.00 p.m. sa leabharlann (athraíonn sé seo ó am go chéile).

    Féach ar an leathanach Imeachtaí chun eolas a fháil faoin gcéad chruinniú eile.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha