Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

17 Meán Fómhair 2020

Uirlisí Ceoil ar Iasacht


Féach ANSEO, le do thoil, chun eolas a fháil ar ár bPrótacal um Ghlantachán Uirlisí Ceoil le linn Covid 19

Cuireann tionscnamh idir Glúin Cheoil Mhaigh Eo (Mayo Music Generation)* agus Leabharlann Chontae Mhaigh Eo uirlisí ceoil ar fáil ar iasacht do bhaill óga leabharlainne (suas le 18 mbliana d’aois) ar feadh tréimhse sé mhí aon tráth áirithe – agus é mar chuspóir leis caoi a thabhairt do pháistí ar thriail a bhaint as a rogha uirlise ach gan a bheith orthu an praghas iomlán a íoc as!

Conas uirlis a fháil ar iasacht:

  • Féach liosta iomlán na n-uirlisí anseo
  • Déan teagmháil leis an Leabharlann i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal an Átha nó i mBéal an Mhuirthead chun a fháil amach an bhfuil an uirlis ar fáil go fóill
  • Déan comhaontú cíosa arna shíniú ag an iasachtóir agus ag na tuismitheoirí/caomhnóirí sa leabharlann
  • Íoc éarlais is féidir a aisíoc má thugtar an uirlis ar ais i ndea-riocht
  • Íoc an táille as cíos sé mhí
  • Ní foláir tuismitheoir/caomhnóir a bheith in éineacht le hiasachtaithe chun uirlis a fháil ar iasacht

*Is éard atá i nGlúin Cheoil Mhaigh Eo (Music Generation Mayo) ná seirbhís oideachais cheoil do leanaí agus do dhaoine óga (0-18 mbliana d'aois) i Maigh Eo agus is cuid í den Chlár Oideachais Cheoil Náisiúnta de chuid Ghlúin Cheoil na hÉireann (Music Generation Ireland), arna thionscnamh ag Líonra Ceoil (Music Network) agus arna mhaoiniú ag U2 agus Cistí na hÉireann (The Ireland Funds). Ar bhonn áitiúil, tá Glúin Cheoil Mhaigh Eo (Music Generation Mayo) á bhainistiú agus á chómhaoiniú ag Comhpháirtíocht Oideachais Cheoil Mhaigh Eo (MEP). Tá an chomhpháirtíocht idirghníomhaireachta seo comhdhéanta de na heagraíochtaí seo: Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Fóram Pobail Mhaigh Eo, Coiste Gairmoideachais Mhaigh Eo, Bord Forbartha Chontae Mhaigh Eo, Lárionad Oideachais Mhaigh Eo agus Roinn na Forbartha Comhtháite Pobail de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Banc Uirlisí


  • Banc Uirlisí Bhéal an Átha

    Freastlaíonn an banc seo ar thuaisceart Mhaigh Eo agus ceantar uirbeach Chaisleán an Bharraigh, agus tosaíodh ag ligean uirlisí amach ar iasacht i mí Mheán Fómhair 2014.  Tá an scéim á riaradh ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo agus tá na huirlisí á gcoimeád in Oifigí Cathartha Bhéal an Átha.

    Gliogáil ar an nasc a leanas chun liosta na n-uirlisí a fháil: Musical instrument list, Ballina

    Ba chóir d'éinne ar mhian leo uirlis a fháil ar iasacht, teagmháil a dhéanamh le Barbara Varley i leabharlann Bhéal an Átha: 096-70833; ríomhphost: bvarley@mayococo.ie.

  • Banc Uirlisí Chaisleán an Bharraigh

    Is i gCeanncheathrú na Leabharlainne Contae i gCaisleán an Bharraigh atá an chéad bhanc uirlisí lonnaithe, agus tosaíodh á gcur amach ar iasacht i mí na Bealtaine 2013.  Is féidir le daoine óga (0-18) i gceantar LEADER Iardheisceart Mhaigh Eo uirlisí a thógáil ar iasacht ón mbanc seo ar feadh 6 mhí, agus iad a choinneáil ar feadh 6 mhí eile mura bhfuil liosta feithimh ag an uirlis.

    Tá liosta na n-uirlisí mar aon leis na rátaí éarlaise/iasachta ar fáil ach gliogáil ar an nasc a leanas: 
    Musical instrument list, Castlebar

    Más maith leat cur isteach ar uirlis ar iasacht, déan teagmháil le Lorraine Foy i Leabharlann Chontae Mhaigh Eo ar 094-9047940; lfoy@mayococo.ie

    Please note: The musical instrument office at Castlebar library will be open for collection and return on select days and STRICTLY by appointment only. Please contact Lorraine Foy to book your appointment - 094-9047940 or lfoy@mayococo.ie

     

  • Banc Uirlisí Iorrais

    Freastlaíonn an banc seo ar cheantar Iorrais. Tá sé lonnaithe san Ionad Cathartha i mBéal an Mhuirthead agus riartha ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.  

    Gliogáil ar an nasc a leanas chun liosta na n-uirlisí a fháil:  Musical instrument list, Erris

    Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Kate Healy, Leabharlann Bhéal an Mhuirthead ar 097-82555 nó ar an ríomhphost khealy@mayococo.ie

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha