Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Community and Integrated Development

An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024


An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail An Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024

Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 cistithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Féach an nasc seo a leanas, le do thoil, leis an bpreaseisiúint ina bhfógraíonn an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien, TD, an Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 ar leibhéal náisiúnta: [Preaseisiúint]

Soláthróidh Clár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2024 na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail cistiú caipitil ar scála beag chun tacú le grúpaí pobail ar fud na hÉireann, agus beidh ciste ar leith imfhálaithe ar fáil do Ghrúpaí Ban faoin gClár.

Tacóidh an ciste caipitil seo le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, chun deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, trealamh a cheannach, ar nós bord agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíochta, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, ceannbhrat agus trealamh oiliúna etc.

Beidh an cistiú seo a leanas ar fáil:

Catagóir 1: Deontais a mhéid le €1,000

Catagóir 2: Deontais idir €1,001 agus €7,500

Catagóir 3: Iarratasóirí ar Chistiú do Ghrúpa Ban amháin: Deontais a mhéid le €7,500.

Tá próiseas Iarratais LEP 2024 ar líne amháin. Caithfidh tú cuntas a chruthú ar https://consult.mayo.ie/. Le cúnamh a fháil le cuntas a chruthú, cliceáil, le do thoil, ar nasc seo.

Is é an Dáta Deiridh chun Iarratais a sheoladh tríd an tairseach ar líne 3pm Déardaoin, an 15 Feabhra 2024. Tá naisc le heolas faoin scéim ar fáil thíos:

Moltar go mór d’iarratasóirí treoirlínte na scéime agus na Téarmaí agus Coinníollacha ar an bhfoirm iarratais a léamh sula seolann siad iarratais ar aghaidh

Teastaíonn Cáipéisíocht Tacaíochta mar chuid den Iarratas:

  • Ceanntásc Ráiteas Bainc – ráiteas a eisíodh le déanaí, agus in ainm ghrúpa an iarratasóra. Tá sé bunriachtanach go bhfuil ainm an chuntais bainc, seachas an t-ainm agus/nó an seoladh comhfhreagrais ar an ráiteas, díreach mar an gcéanna le hainm an iarratasóra ar an bhfoirm iarratais. Nuair atá an grúpa/eagraíocht cláraithe leis an CRO agus/nó leis an Údarás Rialála Carthanas, caithfidh ainm an iarratasóra agus ainm an chuntais bainc a bheith díreach mar an gcéanna freisin le hainm an ghrúpa/na heagraíochta. Measfar go bhfuil iarratais nach sásaíonn an riachtanas seo neamh-incháilithe.
  • Soláthar - luachaintí/meastacháin ó thriúr soláthraithe éagsúla neamhspleácha, ar a laghad, do na gnéithe a bhfuil tú ag cur isteach ar chistiú dóibh.
  • Má theipeann ort an cháipéisíocht riachtanach a sholáthar, beidh d’iarratas neamhbhailí.
  • Comhordanáidí XY ITM

Má bhíonn aon cheisteanna eile agat, seol ríomhphost, le do thoil, chuig lep2024@mayococo.ie

Oiliúint:

Beidh ceardlanna ar líne á gcur ar siúl ag Líonra Rannpháirtíochta Pobail (PPN) Mhaigh Eo, i gcomhar le Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) Mhaigh Eo le thú a threorú tríd an bpróiseas chun iarratas ar líne a sheoladh ar an gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 ar na dátaí seo a leanas:

Déardaoin, an 25 Eanáir 7-8pm agus Dé Luain, an 29 Eanáir 10-11am

Tá líonta teoranta agus freastalaítear ar dhaoine ar bhonn tús freastail ar an duine is túisce agus ceadaítear beirt rannpháirtithe, ar a mhéid, in aghaidh an ghrúpa. Caithfidh grúpaí a bheith cláraithe le PPN Mhaigh Eo.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha