Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Cúram do Chustaiméirí

Nós Imeachta Gearáin


Leagtar amach inár gCairt Custaiméirí caighdeáin na seirbhísí ar féidir leat a bheith ag súil leo ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Ma cheapann tú nach bhfuil na caighdeáin sin á gcomhlíonadh, is féidir leat muid a chur ar an eolas i scríbhinn, ar ríomhphost nó ar an nguthán.

Ní chuirtear san áireamh cásanna ina bhfuil nós imeachta gearáin nó achomhairc ann cheana, e.g. achomharc chun an Bhoird Pleanála, nó Athbhreithniú Inmheánach nó achomhairc chuig an gCoimisinéir Faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tá sé tábhachtach go ndéantar chuile iarracht sa Rannóg nó san Oifig lena mbaineann an deacracht a réiteach sa Cheantar Bardasach inar tháinig sí chun cinn. Mura féidir an cás a réiteach san oifig sin, féadfaidh tú na sonraí cuí a chur ar aghaidh chuig:

Catherine McConnell
Stiúrthóir Seirbhísí
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Contae Mhaigh Eo
F23 WF90   

Bíonn ár n-oifigí ar oscailt ó 9.00 am go dtí 1.00 pm agus ó 2.00 go 5.00 pm, Luan go hAoine. Ní bhíonn siad ar oscailt ar laethanta saoire poiblí.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha