Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Cúram do Chustaiméirí

An Chairt Custaiméirí


Meas agus béasaí

  • Caithfimid leat go béasach agus go pras;
  • Caithfimid leat go cothrom agus le meas;
  • Cuirfimid an tseirbhís is fearr is féidir agus comhairle fhónta ar fáil duit;
  • Cinnteoimid rúndacht nuair is gá.

Oscailteacht agus cothroime

  • Beimid ionraic agus muid ag déileáil leat;
  • Pléifimid aon ghné de do chuid gnóthaí linne leat;  
  • Míneoimid na nósanna imeachta cinnteoireachta duit;  
  • Caithfimid leat go cothrom agus go neamhchlaonta.  

Feidhmíocht

  • Athbhreithneoimid ár bhfeidhmíocht agus déanfaimid í mheas;  
  • Déanfaimid forbairt agus soláthar seirbhísí a mheas chun riachtanais ár gcustaiméirí uile a shásamh;
  • Beidh oiliúint chuí ar ár gcuid fostaithe ionas go mbeimid in ann an caighdeán seirbhíse is fearr a chur ar fáil;
  • Bainfimid leas as teicneolaíochta chumarsáide chun soláthar seirbhíse a fheabhsú i gcónaí.

Inrochtaineacht 

  • Leanfaimid orainn ag tacú le cultúr inrochtaineachta uilíche le haghaidh ár seirbhísí ar fad;
  • Cinnteoimid go bhfuil ár n-oifigí uile inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus go gcomhlíontar na caighdeáin cheirde agus sábháilteachta uile iontu.

Seirbhísí as Gaeilge

  • Beidh custaiméirí in ann a ngnó a dhéanamh as Gaeilge más maith leo, chomh fada agus is féidir;
  • Beidh doiciméid ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Ár nGealltanais Duitse

  • Freagróimid glaonna gutháin go pras agus go béasach.
  • Déarfaimid leat cé muid nuair a fhreagraímid an guthán.
  • Tabharfaimid freagra ar do litreacha chomh luath agus is féidir.
  • Buailfimid leat in am má bhíonn coinne agat.
  • Déanfaimid ár ndícheall freastal ort mura bhfuil coinne agat.
  • Má bhíonn ball foirne ar saoire, cuirfimid ar an eolas thú go mbeidh ball foirne eile ag déileáil le do chás.
  • Nuair nach bhfuil baill foirne ar fáil, déanfar nuashonrú ar theachtaireachtaí gutháin chun é sin a chur in iúl.
  • Déanfaimid ár suíomh gréasáin agus na meáin shóisialta a nuashonrú chun imeachtaí agus ceisteanna a bhaineann le saoránaigh agus leis an bpobal a chur in iúl.

Mura bhfuilimid in ann freagra láithreach a thabhairt ar do litir nó ar do ríomhphost:

  • Admhóimid laistigh de sheacht lá oibre go bhfuair muid do theachtaireacht.
  • I bhformhór na gcásanna sin, tabharfaimid freagra ort laistigh de 28 lá oibre. 
  • Mura mbímid in ann déanamh amhlaidh, míneoimid an chúis agus déarfaimid leat cén uair a gheobhaidh tú freagra iomlán.
  • Má bhaineann do theachtaireacht le ceist a thagann faoi raon feidhme comhlachta phoiblí eile, cuirfimid an teachtaireacht chuig an gcomhlacht sin agus cuirfimid ar an eolas thú.

Is é seo atá i gceist le ‘neamhchlaontacht’ agus muid ag déileáil leat:

  • Cinnteoimid go gcloífear leis na cearta córa comhionainne atá agat faoin reachtaíocht um chomhionannas agus go gcaithfear mar a chéile le daoine a bhfuil cásanna mar a chéile acu.
  • Déanfaimid cinntí bunaithe ar an bhfaisnéis a bhaineann le hábhar de réir na rialacha agus an dlí, agus déanfaimid neamhaird d’fhaisnéis nach mbaineann le hábhar.

Rochtain Fhisiciúil

Chomh fada agus is féidir, cuirfimid oifigí poiblí glana inrochtana ar fáil ar féidir príobháideachas a chinntiú iontu, ina gcomhlíontar na caighdeáin cheirde agus sábháilteachta uile, agus ina n-éascaítear rochtain dár gcustaiméirí ar fad.

Ról an chustaiméara

Chun an tseirbhís is fearr is féidir a fháil uainn, iarrfaimid ort an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara:  

  • Ba cheart duit uimhreacha tagartha a lua nuair is féidir agus cumarsáid á déanamh agat leis an gComhairle.
  • Ba cheart duit a chinntiú go gcuirtear foirmeacha iarratais isteach in am.
  • Ba cheart duit a sheiceáil go bhfuil foirmeacha comhlánaithe ina n-iomlána, go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus inléite, agus go bhfuil na foirmeacha sínithe agat. Bí cinnte go gcuirtear isteach na doiciméid tacaíochta uile atá de dhíth chomh maith.
  • Ba cheart duit muid a chur ar an eolas má bhíonn athrú cúinsí ann a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chinneadh dár gcuid.

Is é an aidhm atá againn seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil duit i dtimpeallacht slán sábháilte. Chuige sin, iarrfaimid ort caitheamh lenár mbaill foirne mar ba mhaith leat go gcaithfí leat féin.

  • Ní ghlacfaimid le caint mhaslach nó mhíchuí le ball foirne nó le ball den phobal.
  • The use of violence or the threat of violence towards staff or members of the public.  Ní ghlacfaimid le foréigean nó bagairt foréigin in aghaidh baill foirne nó baill den phobal.
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha