Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

An Ealaín sa Tírdhreach le Fiosrú ag Féile an Athraithe


Date: 15-03-2024

Beidh féile spreagúil ina bhfiosrófar an ealaín sa tírdhreach ag teacht go Maigh Eo Dé hAoine an 12 Aibreán agus Dé Sathairn an 13 Aibreán 2024. Comhoibriú idir Comhairle Contae Uíbh Fhailí, Comhairle Contae Mhaigh Eo agus Amharc-Ealaíontóirí Éireann í Féile an Athraithe agus cistítear í trí Scéim Cuiridh chun Comhoibriú na Comhairle Ealaíon. Cuirfear clár lán imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar fáil san fhéile, ina bhfiosrófar an tionchar is féidir leis an ealaín (ealaín fhisiciúil agus dholáimhsithe araon) a imirt ar áit agus ar dhaoine, i dtaobh cúrsaí sóisialta, geilleagracha, agus cultúrtha. Bunófar an fhéile ar dhá shuíomh sna contaetha faoi seach: Conair Dhealbh Thír Sáile i Maigh Eo, agus Páirc Dhealbh Loch na Buaraí in Uíbh Fhailí. 

Cuirfear tús leis an bhFéile i Maigh Eo ag Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead, maidin Dé hAoine, an 12 Aibreán le Tionól, imeacht ina dtabharfar smaointe, idir bheag agus mhór, faoin ealaín sa tírdhreach le chéile.  Roghnaíodh roinnt smaointe a chuirfear i láthair an phobail mar chuid den fhéile trí ghlaoch oscailte ar smaointe faoi na féidearthachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag ‘an ealaín sa tírdhreach’. Cuirfear lón agus deis ar fáil don lucht freastail líonrú a dhéanamh ina dhiaidh. 

Beidh cainteanna agus plé ar bun i rith an tráthnóna, an méid seo a leanas ina measc:

  • Caint le léaráidí leis an ngrianghrafadóir agus an scannánóir Tim Smith agus leis an ealaíontóir ildisciplíneach Hardeep Singh Sahota.  Spreag an tírdhreach áitiúil agus scéalta a bailíodh ó dhaoine áitiúla in Uíbh Fhailí agus i dTuaisceart Mhaigh Eo iad, agus labhróidh siad faoin bhfostaíocht i dtionscail cosúil le baint mhóna agus teicstílí a dhéanamh.  Fiosrófar sa chaint conas a d’úsáid na healaíontóirí léiriú cruthaitheach le rithimí saol oibre daoine a fhiosrú agus pléifear conas a cuireadh a dtionscadal coimisiúnaithe in oiriúint agus conas a tháinig sé chun cinn trí chomhoibriú le daoine éagsúla agus in áiteanna éagsúla sa dá chontae.
  • Seisiún eolais ar chleachtas leis an ealaíontóir Eileen Hutton, a phléifidh a freagairt a bhaineann go sonrach le suíomh do Thír Sáile, Portráidí Ithreach Thír Sáile (Soil Portraits of Tír Sáile), atá bunaithe ar chrómatagrafaíocht ithreach, próiseas malartach grianghrafadóireachta ina gcruthaítear ‘portráid ithreach’ ar scagpháipéar solas-íogair.  Taispeánfaidh Eileen an próiseas agus labhróidh sí faoi roinnt de na tionscadail atá ar bun aici faoi láthair agus a bhí ar bun aici roimhe seo. 
  • Seisiún scóipeála le tionscadal Fiántas (Wilderness) d’ealaíontóirí a chónaíonn agus a oibríonn i Maigh Eo.  Ábhar ar leith spéise a bheidh sa seisiún dóibh siúd ar spéis leo cleachtais inbhuanaithe ealaíon a fhorbairt, agus cuirfear seisiún tús eolais gearr agus le léaráidí ar fáil lena linn ar an tionscadal agus cuirfear plé ar bun ar conas is féidir leis an tionscadal freagairt do riachtanas áitiúil.

Aistreofar an fhéile tráthnóna Dé hAoine go hIonad Cuairteoirí nua Fheirm Ghaoithe Abhainn Eidhneach, chun Céilí Bhangra a chur ar bun, tráthnóna damhsa a mhúsclóidh an fuinneamh ionat.  Meascán a bheidh ann den chéad uair riamh idir an Céilí traidisiúnta Gaelach, faoi stiúir daoine áitiúla, agus damhsa Bhangra, faoi stiúir an chleachtóra Hardeep Singh Sahota atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe.  Cuirfear ceol beo céilí agus taispeántas de roinnt gluaiseachtaí Bhangra atá éasca le foghlaim ar bun um thráthnóna!

Lonrófar an spotsolas níos faide siar Dé Sathairn, an 13 Aibreán ar Ionad SOLAS nua ar an Muirthead.   Tugann Comharsanachtaí atá Saibhir ó thaobh Cultúir, a chuirfear i láthair i gcomhar leis an bPobal Feasta, cuireadh do phobail freastal ar dhíospóireacht phainéil a éascófar ina bhfiosrófar conas is féidir le geilleagair áitiúla tairbhe a bhaint as comhoibriú idir na healaíona, an oidhreacht, gnó áitiúil, turasóireacht, agus rialtas áitiúil.  Cuirfear ceardlanna agus turais ar bun tar éis lóin, agus lorgaíonn gach ceann díobh súil a chaitheamh ar bhealaí praiticiúla ina bhféadfaí na comhráite a cuireadh ar bun an mhaidin sin a chur chun feidhme i bpobail i Maigh Eo.  Tabharfaidh busanna daoine chuig an imeacht agus ón imeacht seo ó Bhéal an Átha (Ionad Ealaíon Bhéal an Átha, ag fágáil ag 9am ar an bpointe) agus ó Chaisleán an Bharraigh (Ionad Fóillíochta nua Loch Chaisleán an Bharraigh, F23 A257, ag fágáil ag 9am ar an bpointe). 

Is gá áit a chur in áirithe roimh ré.

Tá páirt lárnach ag dhá shaothar nua ealaíne san fhéile – ceann amháin in Uíbh Fhailí agus ceann eile i dTuaisceart Mhaigh Eo. Rinne an Dr Helen Pheby, Stiúrthóir Comhlach Pháirc Dhealbh Yorkshire agus an coimeádaí ar tugadh cuireadh di don tionscadal An Ealaín sa Tírdhreach, a choimeád. Cuirfidh Hardeep Singh Sahota agus Tim Smith taispeántas agus sárthaispeántas an choimisiúin - Rithim an tSolais (Rhythm of Light) i láthair in Oifigí Cathartha Bhéal an Átha tráthnóna Dé Sathairn, imeacht a chuirfidh an fhéile i Maigh Eo i gcrích. Tá go leor blianta de thaithí ag Hardeep agus ag Tim ar chomhoibriú le pobail, trí úsáid a bhaint as damhsa Bhangra agus as na tréithe gearrshaolacha atá ag péinteáil solais.

Beidh an taispeántas ar bun ag Oifigí Cathartha Bhéal an Átha, idir an 15 agus an 26 Aibreán agus beidh sé ar oscailt ó Luan go hAoine ó 10am go dtí 1pm.  

Tá gach imeacht de chuid na féile saor in aisce, ach is gá áiteanna a chur in áirithe. Moltar áiteanna a chur in áirithe go luath mar gheall ar an líon teoranta daoine is féidir freastal ar go leor de na himeachtaí.

Chun teacht ar an gclár don fhéile iomlán agus ar eolas faoi áiteanna a chur in áirithe, tabhair cuairt, le do thoil, ar https://www.mayo.ie/en-ie/your-council/services/arts/arts-programme/art-in-the-landscape le háiteanna a chur in áirithe.

 

 




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha